2 Daiṫniuġad eagna agus teasaisg; do ṫuigsin ḃríaṫra a ttuigsionaċd;
Ise eagla an TIĠEARNA teagasg na heagna; agus atá uṁlaċt roiṁe onóir.
Ga ṁéad is féarr eagna dfaġáil ná ór? agus tuigsi dfaġáil is córa í do ṫoġa ná airgiod?
Cred as a ḃfuil lúaċ a láiṁ amadáin dfaġáil gliocuis, ó ṫárla gan ċroiḋe ḋo é?
Eísd re coṁairle, agus glac teagasg, ċor go mbía tu glic ad ċríċ ḋeiġíonuiġ.
Ann sin tuigfiḋ tú fíréantaċt, agus breiṫeaṁnus, agus coṁṫrom; fós, gaċ uile ḋeaġṡliġe.
Eistiġsi, a ċlann, ré teagasg aṫair, agus tugaiḋ aire déolus tuicsion.
Abair ris a neagna, Is tá mo ḋeirḃṡiur; agus goir do ḃean ġaóil don tuigse:
Eistiġ re teagasg, agus bíṫí críonna, agus na díultuiġe é.
O a ḋaoine simplíḋe, tuigiḋ eagna: agus, siḃsi a amadána, bíoḋ ḃur ccroiḋe tuigsionaċ.