A nuáir do ċonnairc mé a measc na néadálaċ culaiḋ ḃréaġḋa Ḃabilónta, agus da ċéad secel airgid, agus barra óir, do ċoṁṫrom ċáogad secel, ann sin do ṡantuiġ mé íad, agus rug mé liom íad; agus, féaċ, atáid a ḃfolaċ ansa taluṁ a lár mo loistín, agus an tairgiod faoi.
Agus a duḃairt Iosua, Cred as ar ḃuáiḋir tusa sinne? buáiḋeoruiḋ an TIĠEARNA ṫusa a niuġ. Agus do ċloċadar Israel uile lé cloċuiḃ é, agus loisgeadar íad lé teine, tar éis a ccloċaḋ lé cloċuiḃ.
Agus tré ṡaínt béid dá ḃur nimċeannuiġeaċd maille ré bríaṫruiḃ blasda; dream ḋár cinneaḋ fada ó ṡin damnuġaḋ náċ dtéid a ṡíneaḋm agus ní ġaḃann codlaḋ an sgrios ṫiucfus orrṫa.