17 Go deiṁin is díoṁaóin an líon do spréaḋaġ a raḋarc eún ar biṫ.
Noċ ṫeaguiscios sinn ni is mó ná beaṫuiġ na talṁan, agus do ní nios críonna sinn ná éanlaiṫ niṁe?
Oír riṫid a ccosa ċum uilc, agus do níd deíṫnios do ḋórtaḋ fola.
Agus cuirid síad luiḋeaċán ar a ḃuil féin; luiġid a nuáignios air a nanmannaiḃ féin.
Nó gur buáileaḋ gaṫ tre na aéiḃ; mar ḋeiṫfriġios éun ċum na ṗaintéir, agus gan a ḟios aige gur ċum a ḃáis a ḃiṫear.
Aiṫniġ an daṁ an té le ar leis é, agus an tassal mainséur a ṁaiġisdir: aċt ní aiṫniġionn Israel, ní smuainionn mo ṗobalsa.
Aseaḋ, bí fios a haimsire cinte ag an ccorr‐ġláis ann sa naiéir; agus coṁarṫuiġ an turtuír agus an ċórrṁónaḋ agus a náinleóg am a tteaċta féin: aċt ní ḟeidir mo ḋaóinesi breíṫeaṁnus an TIĠEARNA.