Déanam a nois, ar a naḋḃarsin agus marḃam é, agus teilgeam a bpoll éigin é, agus a déaram, Gur ṁarḃ droċḃeiṫeaċ éigin é: agus do ċífeam créud ṫiucfas dá aislingiḃ.
Rioṫuid a ccosa ċum uilc, agus do níd deiṫníos do ḋórtaḋ fola neiṁċiontuiġ: is smuáintiġṫe uilc a smuáintiġṫe; atá fásuġaḋ agus aiḋṁilleaḋ iona sliġṫiḃ.
Agus díarr Saul Dáiḃi do ḃúalaḋ go nuige an balla leis an mbonnsuiġ; aċd ag sceinneaḋ ḋósan as laṫair Ṡauil, do ḃuáil sé an ḃonnsaċ annsa ḃalla: agus do ṫeiṫ Dáiḃi, agus do ċuáiḋ as a noiḋċe sin.