Déan deiṫnios, cluin mé, a ṪIĠEARNA: atá mo spiorad ag meirtniuġ: ná foluiġ haġaiḋ uáim, deagla go mbéinn cosṁuil ris an ndroing noċ ṫéid síos annsa log.
A dúaiḋ Nebuċadressar ríġ na Babilóine misi, do ḃrúiġiḋ sé mé, do rinne sé soiṫeaċ folaṁ ḋíom, do ṡluig sé súas mé aṁuil dragún, do lion sé a ḃolg dom neiṫiḃ sóḃlasta, do ṫeilg sé amaċ mé.
Dfoscladar do naiṁde uile a mbéul ad aġaiḋ: siosarnuid síad agus gíosanuid a ḃfíacla: a deirid síad, Do ṡluigeamar súas í: go deiṁin asé so an la lé raiḃ ar súil; fúaramar é, agus do ċoncamar é.
Do ḃí an TIĠEARNA mar náṁuid: do ṡluig sé súas Israel, do ṡluig sé súas a páláis uile: do scrios sé a daingneaċa láidre, agus do ṁéaduiġ sé a ninġin Iúdah dóbrón agus cuṁa.
Agus dfoscuil an talaṁ a ḃéul, agus do ṡluig síos íad maille re Córah, a nuáir do éug an ċuideaċda sin, san nam ar loisc an teiniḋ ḋá ċéud agus caogad fear: agus do rinneaḋ sompla ḋíoḃ.