Feuċ, béarṫar mac ḋuit, noċ ḃías na ḋuine ṡuáiṁneaċ; agus do ḃéara misi suáiṁneas dó ó na naiṁdiḃ uile ann gaċ aon taoḃ ḋe: óir isé ḃus ainm ḋó Solaṁ, agus do ḃéara mé síoṫċáin agus súaiṁneas Dísrael re na linn.
Agus tair mo ṁacaiḃ uile, (óir ṫug an TIĠEARNA mórán mac ḋaṁ,) do ṫoġ sé Solaṁ mo ṁac do ṡuiḋe annsa ċaṫaoir ríoġa a ríoġaċd an TIĠEARNA ós cionn Israel.
Ċor go ttiuḃruinn ort fios dearḃṫaċta ḟocal na fírinne do ḃeiṫ agad; ionnus go ḃféadfa freagra bríaṫar na firinne do ṫaḃairt ar an muinntir ċuirios fios ċugad?
Agus tuilleaṁ fós, do ḃríġ go raiḃ an seanmóntuiġ glic, do ṁúin sé éolus do ġnáṫ don ṗobal; ṫug sé fós aire ṁaiṫ, agus do spíon sé amaċ, agus do ċuir móran seanḟocal a nórduġaḋ.
Do laḃuir mé na neiṫesi riḃ a mbríaṫruiḃ: tiocfuiḋ a naimsir, ann naċ laibéora mé riḃ a mbríaṫruiḃ, aċd laiḃéoruiḋ mé riḃ go follus a dtimċeall a Naṫar.