Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 9:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Biaiḋ mé lúaṫġáireaċ agus gáirdeoċad ionadsa: canfad molaḋ dod ainm, ó ṫusa is ro áirde.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

2 Ionnad fós ġniḋim áoiḃneas ait, A’s gairdeaċas an‐mór; Dod ainmse seinnim molaḋ binn, A Riġ is áirde glóir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

2 Beiḋ tú mar ċúis áṫais agus lúċáire agam: seinnfiḋ mé clú dʼAinm, ós tú an Té is Airde.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 9:2
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Molfa mé ṫú lem uile ċroiḋe: ós coinne na ndée canfa mé salm ḋuit.


Iondus go ḃfoillsiġe mé ré guṫ ṫaḃarṫa buiḋeaċuis, agus go ninnse mé hoibreaċa iongantaċa uile.


Agus a nois áirdeoċur mo ċeann ós cionn mo náṁad fa ccuairt am ṫimċioll: agus íoḋborad iona ṫabernacuil íoḋbarṫa gáirdeaċuis; canfad, agus do ḋéan salm don TIĠEARNA.


Isé an TIĠEARNA mo neart agus mo scíaṫ; do ċuir mo ċroiḋe a ḋóiġ ann, agus do coḃruiġeaḋ mé: ar a naḋḃarsin do ḋéana mo ċroiḋe gáirdeaċus; agus molfad é le mo ċaintic.


Agus annsin raċa mé go haltóir Dé, go nuige Día luaṫġáir mo ġáirdeaċuis: agus, molfad ṫú ar an ccláirsiġ, ó a Ḋé mo Ḋía.


Aċt gáirdiġeaḋ a nuile ḋuine do ċuir a ḋóiġ ionnadsa: gáiridís lé lúaṫgáir go bráṫ, do ḃríġ go ccuṁduiġ tusa íad: bidís mar an ccéadna an dream learab ionṁain ṫainm, lúaṫgáireaċ ionnad.


Molfad an TIĠEARNA do réir a ḟíréantaċda: agus cánfad molaḋ dainm an TIĠEARNA is ro áirde.


Ċor go mbia a ḟios aca gur tusa aṁáin, dárab ainm IEHOḂAH, is ro áirde ós cionn na talṁan uile.


Molfad ṫú, a ṪIĠEARNA mo Ḋía, rem uile ċroiḋe: agus do ḋéanad hainm do ġlóruġaḋ go bráṫ.


Is maiṫ adṁáil do ḋéanaṁ don TIĠEARNA, agus sailm do ċanaḋ dot ainm, ó ṫusa is ro áirde:


Oír do rinne tú lúaṫġáireaċ mé, a ṪIĠEARNA, le hobairsi: do ḋéan gáirdeaċus a ngníoṁuiḃ do láṁ.


Innsiġiḋ a measg na ngeinteaḋ a ġlóir, a ionganta a measg na nuile ṗoibleaċ.


Lúaṫġáiriġiḋ annsa TIĠEARNA, siḃsi a ḟíréuna; agus moluiḋ cuiṁne a náoṁṫaċda.


Oír atá tusa, a ṪIĠEARNA, árd ós cionn na talṁan uile: atá tú ar hárduġaḋ go mór ós cionn na nuile ḋée.


Ṫusa a ríġ, ṫug an Día is ro áirde dot aṫair Nebuċadnessar rioġaċd, agus morḋaċd, agus glóir, agus onóir:


Déunuiḋ gáirdeaċas do ṡíor sa Dtíġearna: a deirim a rís, Déunuiḋ gáirdeaċas.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ