Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 82:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Eiriġ, a Ḋé, beir breiṫeaṁnus air an ttalaṁ: óir ġeaḃair oiġreaċt air a nuile ċineaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

8 Ḋia éiriġ air an dtalaṁ déan, Deaġ‐ḃreiṫeaṁnas go grad; Óir ġeaḃair mar oiġreaċt duit ḟéin, Na cineaḋaċa air fad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

8 Éiriġ, a Ḋia, agus taḃair féin breiṫiúnas ar an doṁan: óir glacfaiḋ tú seilḃ ar na náisiúin uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 82:8
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Eíreoċa tú, do ḋéana tú trócaire ar Ṡion: óir atá aimsir grása do ḋéanaṁ uirrṫe, a nuáir ċinnte, ar tteaċt.


Ar son sáruiġṫe na mboċd, ar son osnaḋaċ na neasḃaḋaċ, anois éireoċa mé, (a duḃairt an TIĠEARNA); cuirfé mé eision a neaṁbaoġal ón té do ċuirfeaḋ a ngaiste é.


Iarr orum, agus do ḃéara mé ḋuit na geinte mar oiġreaċt, agus na codċa is imċéine don talaṁ mar ṡeilḃ.


Oír is leis an TTIĠEARNA an rioġaċt: agus isé is úaċdarán a measc na ccineaḋaċ.


Eíriġ ad ċaḃair ḋuinne, agus fúasgail sin ar son do ṫrócaire.


Eíriġ, a ṪIĠEARNA, an ṫfeirg, tóg súas ṫú féin tre anḃuirbe mo naiṁdesi: agus múscuil ar mo ṡonsa ċum an ḃreiṫeaṁnuis noċ do ḟúagruis.


Oír molfaiḋ díḃḟearg an duine ṫusa, toirmiosguiḋ tusa fuiġioll a ḃfeirge.


Tóig ṫú féin súas, a ḃreiṫiṁ na talṁan: taḃair luáiġeaċt do nuáiḃreaċ.


Os coinne an TIĠEARNA: oír atá sé ag teaċt, ag teaċt do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis air an ttalaṁ: do ḃéara sé breiṫ air a tsaoġal a ḃfíréuntaċd, agus air na daóiniḃ iona ḟírinne féin.


Músgáil, músgáil, cuir neart ionnad, a ríġ an TIĠEARNA; músgail, aṁuil annsna seanláeṫiḃ, annsna ginealaċaiḃ áosda. Naċ tusa sin do ġéarr Rahab, agus do loit an dragún?


Dimṫiġ an deaġḋuine seaċad as an ttalaṁ, agus ní ḃfuil áon ionruic a measg na ndaóine: luiġid uile a luiġeaċán air ḟuil; do níḋ gaċ uile ḋuine fíaḋaċ air a ḋearḃraṫair le líon.


Uimesin féuċfa misi ċum an TIĠEARNA; feiṫṁiḋ mé air Ḋía mo ṡlánuiġṫe: cluinfiḋ mo Ḋía mé.


¶ Uimesin feiṫiḋ siḃsi orumsa, a deir an TIĠEARNA, nó go ttig an lá a néireoċa misi súas ċum na creiċe: óir isé is mían daṁ na cineaḋaċa do ċruinniuġaḋ, ionnus go ttoiṫeastluiġ mé na rioġaċda, do ḋórtaḋ mo dioġla orra, eaḋon mfearg ḃorb uile: óir loisgfiġear an talaṁ uile lé téine mo éada.


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ