Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 76:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Réd iomaiṫḃeara, a Ḋé Iácob, do teilgioḋ an carbad agus an teaċ ar áon a ccodlaḋ ṁarḃṫaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

6 Oir ṫusa as Dia do Iacob ann, Led’ aċṁusán ’s led’ neart; An carbad‐cogaiḋ a’s an teaċ, Na suan do cuirreaḋ leat.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

6 Led aċasán, a Ḋia Iácóib: ṫit an carbad agus an t‑eaċ ar aon.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 76:6
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫeiṫeadar na Sírianuiġ roiṁe Israel; agus do ṁarḃ Dáiḃi luċd ṡeaċd ccéud carbad do na Sírianaċaiḃ, agus ḋá ḟiṫċid míle marcaċ, agus do ḃuáil sé Sóbaċ caiptín a slóiġ, noċ fuair bás ann sin.


¶ Agus tárla a noiḋċe sin feín, go ndeaċuiḋ aingel an TIĠEARNA amaċ, agus gur ḃúail sé a ḃfoslungṗort na Nassirianaċ céud agus ceiṫre fiṫċid agus cúig ṁíle: agus a núair do éirġeadar go moċ ar maidin, féuċ, do ḃádar uile na ccorpuiḃ marḃa.


Agus do ċuir an TIĠEARNA aingeal uaḋ, noċ do ġéarr a maċ na fir ċalma uile, agus cinn feaḋna agus na cáiptiniġ annsa ḃfoslongṗort ag riġ na Hassíria. Mar sin dfill sé re náire air a éadan dá ḋúṫaiġ féin. Agus a nuáir ṫáinic sé go tiġ a ḋé, an luċd ṫáinic amaċ as a inniġiḃ fein do ṁarḃadar ann sin é leis an ccloiḋeṁ.


Od aċṁusansa do ṫeiṫiodar; ó ġuṫ do ṫoirniġe do ḋeiṫfriġeadar rompa.


Agus do ċonncas aigéun na nuisgeaḋ, agus do noċtaḋ íoċdar an doṁuin ód aċṁusansa, a ṪIĠEARNA, ó ṡoinnéun anála do ṡróna.


Atá sí ar na losgaḋ ré teine, géarrṫa síos: meaṫaid ré haċṁusán do ġnúise.


Ann sin do ġaḃ Maóise agus clann Israel an dánsa don TIĠEARNA agus do laḃradar, ag raḋ, Cánad don TIĠEARNA; óir rug sé búaiḋ go glorṁar: an teaċ agus an marcaċ do ṫeilg sé san ḃfairge.


Do ṡeíd tú lé do ġaóiṫ, do ḟoluiġ a nfairge íad: Do ċúadar faói aṁuil luáiġe ann sna huisgiḋiḃ laidre.


Agus do ḟreagair Míriam íad, Canuiḋ don TIĠEARNA, oír rug sé búaiḋ go glórṁar; an teaċ agus an marcaċ do ṫeilg sé san ḃfairge.


¶ Annsin do ċuáiḋ aingeal an TIĠEARNA amaċ, agus do ḃuáil sé a ḃfoslongṗort na Nassírianaċ céud ceiṫre fiṫċid agus cúig ṁíle: agus a nuáir do éirġeadar go moċ ar maidin, féuċ do ḃádar uile na ccorpuiḃ marḃa.


Iona tteas do ḋéana misi a ḃféusta, agus cuirfe mé ar meisce íad, ċor go ngáirdeoċuid, agus go ccoideoluid codlaḋ síoṫḃúan, agus naċ múisgeoluid síad, a deir an TIĠEARNA.


Agus cuirfe mé a prionnsaḋa ar meisce, agus a daoine críonna, a caiptíne, agus a huaċtaráin, agus a daoine cuṁaċdaċa: agus coideoluid codlaḋ siorruiḋe, agus ní ṁuisceoluid, a deir an ríġ, darab ainm TIĠEARNA na slóġ.


Marso líonfuiġear siḃ ar mo ḃórdsa lé heaċaiḃ agus lé carbaduiḃ, lé daoiniḃ cuṁaċtaċa, agus le na huile ḟearuiḃ cogaiḋ, a deir an Tiġearna DIA.


Cía ḟeadas seasaṁ as coinne a ḟeirge? agus cía ḟéadas fuireaċ re buirbe a ḟeirge? do dóirteaḋ a ḋíḃḟearg amaċ mar ṫeine, agus do teilgioḋ síos na cairge leis.


Féuċ, atáimsi ad aġaiḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus loiscfíḋ mé a carbuid a ndeataċ, agus sluigfiḋ an cloiḋeaṁ a leoṁuin óga: agus géarrfa mé do ċreaċ ón ttalaṁ, agus ní cluinfiġear guṫ do ṫeaċtaḋ ní is mó.


Néullfartaiġid háoḋaireaḋa, a ríġ na Hassíria: béid húaisle na ttoċd: do scabaḋ do ḋaóine air na sléiḃtiḃ, agus ní ċruinniġionn duine ar bioṫ íad.


Annsa ló sin, a deir an TIĠEARNA, Buáilfiḋ me a nuile eaċ lé hánbḟainne, agus a marcaċ lé buile: agus oisceoluiḋ mé mo ṡúile air ṫiġ Iúdah, agus buáilfe mé eaċ gaċ aóin do na daóiniḃ lé daille.


Mar sin do ṫóg Dáiḃi an gaṫ agus an crúisgín uisge ó ċeannaḋairt Ṡauil; agus do imṫiġeadar rompa, agus ní raiḃ éanduine ann do ċonnairc sin, nó agá raiḃ á ḟios, nó do ṁúscail: óir do ḃádar uile na gcoḋlaḋ; do ċionn gur ṫuit súan trom ón TTIĠEARNA órra.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ