Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 74:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Tóg súas do ċosa ċum na ḃfásaċ síorruiḋe; a nuile olc da ndéarnaiḋ an náṁaid annsa tsanctóra.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

3 Ċum an ḟásuiġ síoruiḋe ḃuain. Do ċosa tóg go hárd; Ċum an uilc a rinn an naṁuid, Ad’ ṫeampall náoṁ gan ċáird.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

3 Smaoiniġ ar ṫreiḃ dʼoiḋreaċta: agus ar ċnoc Ṡíóin ina mbíoḋ do ċónaí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 74:3
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do loisg se tiġ an TIĠEARNA, agus tiġ an ríġ, agus tiġṫe Ierusalem uile, agus tiġ gaċ éanduine ṁóir do loisg sé lé teine.


Agus a duḃradar riom, An fuiġioll do fágḃaḋ do na braiġdiḃ anusin ansa bproḃins atáid a mbuáiḋreaḋ ṁór agus a míoċlú: do briseaḋ sios ballaḋa Ierusalem mar an gcéadna, agus do loisgeaḋ a geataḋ le teine.


Agus do ċúaiḋ mé amaċ san noiḋċe ag geata an ġleanna, eaḋon as coinne ṫobair an draguin, agus láiṁ ris an bport aoiliġ, agus do ṁeas mé ballaḋa Ierusalem, noċ do ḃriseaḋ síos, agus a geataḋa do ḃí ar na losgaḋ re teine.


Agus a duḃairt mé ris an ríġ, Go mairiḋ an ríġ go bráṫ: cred as naċ bíaḋ mo ġnúis duḃaċ, a nuáir go ḃfuil an ċaṫair, áit aḋlaicṫe maiṫreaḋ, fásḟoluṁ, agus a geataḋa loisge le teine?


Múscail, créd fa ccodlann tú, a ṪIĠEARNA? eiriġ, ná tréig sinn go bráṫ.


Eíriġ ad ċaḃair ḋuinne, agus fúasgail sin ar son do ṫrócaire.


A Ḋe, ṫangadar na geinte a steaċ ann hoiġreaċt; do ṫruáilliġeadar teampall do naoṁṫaċda; do leagadar Ierusalem na cárnaiḃ.


Cuirfiḋ mé é a naġaiḋ ċiniḋ ḟuarċráiḃṫiġ, agus a naġaiḋ ṗobail mo ḋioġaltais do ḃéara mé ḋó cúram, a néadáil do ġlacaḋ, agus an ċreaċ do ġlacaḋ, agus a saltairt síos aṁuil salċar na sráide.


Oír is annsa tslíaḃso ṡuáiṁneoċus láṁ an TIĠEARNA, agus sailteorṫar Móab faói síos, mar ṡailtearṫar tuiġe síos ċum áoiliġ.


¶ Agus cuirfid siad súas na seanḟasuiġe, tóigfid súas na seanáite uáigneaċa, agus aṫnúaḋċuid na caiṫreaċa fásuiġ, fásuġaḋ ṁóráin ġinealaċ.


Agus do loisg sé tiġ an TIĠEARNA, agus tiġ an ríġ; agus uile ṫiġṫe Ierusalem, agus tiġṫe na ndaóine móra uile, loisg sé lé teine:


Do leaṫnuiġ an náṁaid a láṁ amaċ ar a huile neiṫiḃ sólasaċa: óir do ċonnairc sí go ndeaċadar na geinte a steaċ dá sanctóra, noċ dar aiṫin tú naċ ttiucfaidis a steaċ ann do ċoṁċruinniuġaḋ.


Agus seasfuid láṁa air a ṫaóḃ, agus truáilleoċuid sanctóir an neirt, agus béaruid léo a níoḋbairt laeṫeaṁuil, agus suiḋeoċuid an ġráineaṁlaċd do ní fásaċ.


Annois ar a naḋḃarsin, O ar Ndía, éisd guiḋe do ṡeirḃísiġ, agus a ġearáin, agus taḃair air haġaiḋ déallruġaḋ air do ṡanctóir atá áonránaċ, ar son an Tiġearna.


Agus daingneoċa sé an cunraḋ ré mórán air feaḋ aoin tseaċdṁuine: agus a lár na seaċdṁuine do ḃéara sé air a nofráil agus air a níoḋbairt scur, agus do ḃríġ foirleiṫne ġráineaṁlaċda do ḋéana sé áonránaċ í, eaḋon go nuige an ccríoċnuġaḋ, agus sin ar ccinneaḋ dóirtfiġear é air a nuáignios.


Oír, féuċ, tiucfuiḋ an TIĠEARNA as a áit, agus tiucfuiḋ a núas, agus sailteora sé air áitiḃ árda na talṁan.


Uimesin treaḃoċṫar Sion ar ḃur sonsa aṁuil maċaire, agus biáiḋ Ierusalem na cárnuiḃ, agus slíaḃ an tiġe mar áitiḃ árda na foraóise.


Agus tug sé teagasg úaḋ, ag ráḋ riú, An né naċ ḃfuil sgríoḃṫa, Go ngoirfiṫear tiġ úrnuiġṫe dom ṫiġse, ag na huile ċineaḋaċuiḃ? Aċd do rinneaḃairsi tuiniḋe ḃioṫaṁnaċ ḋe.


Agus tuitfid lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus béarṫar a mbraiġdeanas íad ċum na nuile ċiniḋeaċ: agus ḃíaḋ Iarúsalém ar na saltairt fáoi a Cineaḋaċaiḃ, nó go gcoiṁlíontar aimsearaċa na Geiniḋeaċ.


Agus tárla, a núair ṫugadar na riġṫesin amaċ go Iosua, gur ġoir Iosua ar ḟearuiḃ Israel uile, agus a duḃairt sé re caiptíniḃ an luċd cogaiḋ do ċúaiḋ leis, Druidiḋ a leiṫ, cuirfiḋe ḃur ccosa ar ṁuinealuiḃ na rioġso. Agus tangadar láiṁ ris, agus do ċuireadar a ccosa ar a muinealuiḃ.


Aċd teilg amaċ an ċúirt atá don táoḃ amuiġ don teampoll, agus ná toṁais í; óir tugaḋ í do na Cineaḋaċuiḃ: agus do ḋéunuid an ċaṫair náoṁṫa ṡaltairt fá na gcosuiḃ ré heaḋ ḋá ṁíos agus dá ḟíċead.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ