Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 71:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Oír is tú mo ḋóiġ, a ṪIĠEARNA Día: mo ḋóiġ óm óige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

5 Oir is tusa, Ṫi’arna mo Ḋia, Mo ḋóċas an mo ḟéiḋm; Ó áois a’s aimsir m’óige a nuas, Mo ḋóiġ is tu go deiṁin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

5 Is leat a tógaḋ mé ó ṫáinig mé ar an saol: is tú a ṫug as broinn mo ṁáṫar mé; ní ḃeiḋ á ṡeinm agam aċ do ṁolaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 71:5
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tiucfaiḋ a ccríċ, ar ball a nimṫeoċuiḋ misi uáitse, go mbéaruiḋ Spiorad an TIĠEARNA ṫusa leis, ní ḟeadar cá hionad; agus annsin a núair ṫiocfas misi agus inneosas mé do Ahab, agus naċ ḃfuiġe sé ṫusa, go muirfiḋ sé mé; aċd misi do ṡearḃḟoġantuiġ atá eagla an TIĠEARNA orum óm óige.


¶ Oír annsa noċdṁaḋ blíaḋuin dá ríġe, an feaḋ do ḃí sé fós óg, do ṫosuiġ se Día a aṫar Dáiḃi díarruiġ: agus annsa dara blíaḋuin déag do ṫosuiġ ar Iúdah agus Ierusalem do ġlanaḋ ó na háitiḃ árda, agus ó na garránuiḃ, agus ó na híoṁáiġiḃ greanta, agus ó na hioṁáiġṫiḃ leaġṫa.


Do ḃí mo ḋóiġ ann do ṡlánuġaḋ, a ṪIĠEARNA, agus do ċoṁaill mé haiṫeanta.


Atá manam ag meirtniuġaḋ ċum do ṡlánuiġṫe: do ḃí mo ḋóṫċus ann do ḃréiṫir.


Aċt do ċuirios mo ḋóiġ ann do ṫrócairesi; gáirdeoċuiḋ mo ċroiḋe ann do ṡlánuġaḋ.


Agus a nois, cred ar a ḃfuilim ag feiṫioṁ? a ṪIĠEARNA, atá mo ḋóṫċus ionnadsa.


Cred fa tteilgeann tú ṫú féin síos, ó manam? agus cred fa ḃfuil tú buáiḋearṫa ionnam? cuir do ḋóiġ a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maiġṫe, agus mo Ḋía.


O Ḋé, do ṁúinis mé óm óige: agus go nuige so dfoillsiġ mé do ṁíorḃuile.


Cuiṁniġ a nois do Ċruṫaiġṫeóir a láeṫiḃ hóige, suil ṫiocfuid na droċláeṫe, nó ḋruidfid na blíaḋna ríot, a naibeora tú, Ni ḃfuil sólás air biṫ agam iontaḋ;


O a ḋóṫċuis Israel, a ṡlánaiġṫeóir a nam buáiḋearṫa, cred as a mbeiṫeá ad ċoiṁiġṫeaċ annsa tír, agus do nós ḋuine ar slíġe ḟillios do leaṫtaoiḃ dfanṁuin ar feaḋ aonoiḋċe aṁáin?


O a ṪIĠEARNA, a ḋóṫċuis Israel, biáiḋ náire ar gaċ a ttréigiona ṫusa, agus na daoine ḋeileoċus riomsa béid scrioḃṫa annsa talaṁ, do ḃríġ gur ṫréigeadar an TIĠEARNA, tobar na nuisgeaḋ mbéo.


Ná bí ad úaṫḃas ḋaṁsa: is tú mo ḋóṫċus a ló a nuilc.


Is beannuiġṫe an duine ḋóṫċusuiġios annsa TIĠEARNA, agus gur bé an TIĠEARNA a ṁuiniġinn.


Duáiḋ a nuile ḋuine dá rug orra íad: agus a dúḃradar a neasccáirde, Ní ċiontuiġemíd, do ḃríġ gur ṗeacuiġeadar a naġaíḋ an TIĠEARNA, áitreaḃ an ċeirt, eaḋon an TIĠEARNA, dóṫċus a naiṫreaḋ.


Agus do ḟás an macaoṁ, agus do neartuiġeaḋ é a spioraid, agus do ḃí sé lán deagna: agus do ḃí grása Dé maille ris.


Agus go líonaiḋ Día an dóṫċais siḃse do gaċ uile ġáirdeaċus agus ṡoiṫċáin ó ċreideaṁ ḋáoiḃ, ionnus go maḋ móide ḃur ndóṫċas, tré ċúṁaċdaiḃ an Spiorad Náoiṁ.


Agus ó ḃí tú ad leanaḃ go raiḃ eólas na sgrioptúr náoṁṫa agad, lér féidir do ḋéunaṁ éagnuiḋe ċum slánaiġṫe trés an gcreideaṁ noċ atá a Niósa Críosd.


Ann sin do ġlac Samuel a naḋarc ola, agus do ungaiḋ eision a lár a ḋearḃráiṫreaċ: agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA ar Ḋáiḃi ón lósin amaċ. Ann sin déiriġ Samuel súas, agus do ċúaiḋ go ramah.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ