Psailm 70:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)4 Bídís lúaṫġáireaċ agus gáirdeaċ íonnadsa gaċ áon íarrus ṫusa: agus abraidís a ccóṁnuiḋe gaċ a ngráḋuiġeann do ṡlánuġaḋ, Go móruiġear Día. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Psalma Ḋaiḃí 18364 Aoiḃneas a’s luaṫġáir do gaċ neaċ, Ad iarruiġ féin a tá; A’s abraid siad le’r mian do ṡláint, Dia go ma mór do ġnáṫ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)4 Aċ bí tusa mar áḃar áṫais agus mar ċúis lúċáire ag an dream a ḃíos dod iarraiḋ: agus bíoḋ an luċt gurab aoiḃinn leo do ṡlánú á rá i gcónaí, Molaḋ leis an Tiarna. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |