Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 7:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 O críoċnuiġeaḋ olc na cciontaċ; aċt daingniġ an duine ceart: óir dearḃuiḋ an Día fíréanta na croiḋṫe agus na duḃáin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

9 O críoċnuiġ olc na ndáoineaḋ ndáoi, Aċt daingniḋ dáoine cóir: ’S fear sgruduiġ croiḋe a’s ransuiġeóir, Dia coṁṫromaċ na nglóir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

9 Tigeaḋ urċóid luċt an oilc ċun deiriḋ: aċ treoraiġ tusa na fíréin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 7:9
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Naċ duḃairt seision riomsa, Sí mo ḋeirḃṡíur í? agus sisi mar an gcéudna, isi féin a duḃairt, Sé mo ḋearḃraṫair é: a simpliḋeaċd mo ċroiḋe, agus a neiṁċionta mo laṁ, do rinne misi so.


Ann sin cluinsi a ḃflaiṫeaṁnuis, agus déana breiṫeaṁnus dot ṡerḃiseaċaiḃ, ag damnuġaḋ an ċiontuiġ, do ṫaḃairt a ṡlíġeaḋ ar a ċeann féin; agus do ġlanaḋ a nfíréin, ag taḃairt dó do reir a ionracuis.


¶ Agus ṫusa, a Ṡoluiṁ a ṁic, bioḋ fios Dé haṫar agad, agus deana serḃis dó le croiḋe iomlán agus lé toil aontaḋuiġ: óir spíonuiḋ an TIĠEARNA na huile ċroiḋṫe, agus tuigiḋ sé na huile ḃreaṫnuiġṫe na smuaintiġeaḋ: ma íarrann tú é, do ġeaḃa tú é; aċt má ṫréigionn tú é, teílgfiḋ sé úaḋ ṫú go bráṫ.


Bris riġ an ċiontuiġ agus an droċḋuine: lorg amaċ a ċionta go naċ ḃfaġair éainní.


Ċum breiṫeaṁnuis do ḋéanaṁ air an ndílleaċd agus air an té foiréigeantar, ċor naċ éigneoċaiḋ fear na talṁan ní buḋ mó.


Dearḃuiḋ an TIĠEARNA an fíréun: aċt an ciontaċ agus an té ġráḋuiġios foiréigion fúaṫuiġiḋ a anam.


A ṪIĠEARNA, do ċúartuiġ tú mé, agus daiṫin tú mé.


Do ḋearḃuis mo ċroiḋe; do ḟiosruiġis sa noiḋċe; do ḋearḃuis mé, agus ní ḃfuiġir éainní; is mían liom naċ cciontoċuiḋ mo ḃéul.


Do ḃríġ gur ċoiṁéud mé sliġṫe an TIĠEARNA, agus nar ḟill mé go cionntaċ ó mo Ḋía.


Spíon mé, a ṪIĠEARNA, agus teastuiḋ mé; indearḃ mo ḋuḃáin agus mo ċroiḋe.


Corruiġ súas ṫú féin, agus músgail ċum mo ḃreiṫeaṁnuis, ċum mo ċúise, mo Ṫiġearna agus mo Ḋía.


Is ón TTIĠEARNA orduiġṫear coiscéime an duine: an tan ḃías dúil aige iona ṡliġe.


Ṫug sé súas mé mar an gcéadna as an bpoll úaṫḃásaċ, as criáiḋ laṫaiḋ, agus do ċuir mo ċosa ar ċarruic, agus do ḋaingniḋ mo ċoiscéime.


Deana breiṫeaṁnus orum, a Día, agus tagair mó ċúis an anaġaiḋ an ccineaḋ neaṁṫrócaireaċ: saor mé ó ḟear na mealltóireaċda agus na hurċoide.


Naċ spionfaiḋ Día so amaċ? óir is aiṫne ḋó neiṫe foluiġṫeaċa an ċroiḋe.


A Ḋé, bris a ḃfíacla iona mbéul: bris amaċ fíacla móra na nóigleoṁan, a ṪIĠEARNA.


Bíaiḋ an TIĠEARNA mar an ccéadna na ionad dídin don té ṡáruiġṫear, na ḋaingion a naimsearuiḃ buáiḋearṫa.


Abraiḋe a measg na ngeinteaḋ, Atá an TIĠEARNA a rioġaċt: daingneoċar fós an doṁan go naċ ccorróċar é: do ḋéana sé breiṫeaṁnus air na poibleaċaiḃ a ḃfíréuntaċd.


Os coinne an TIĠEARNA: oír atá sé ag teaċt, ag teaċt do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis air an ttalaṁ: do ḃéara sé breiṫ air a tsaoġal a ḃfíréuntaċd, agus air na daóiniḃ iona ḟírinne féin.


Os coinne an TIĠEARNA; óir atá sé ag teaċd do ḃreiṫe air an ttalaṁ: do ḋéana sé breiṫeaṁnus air an ttalaṁ ré fíréuntaċd, agus air na poibleaċaiḃ ré ceart.


Aċt, a ṪIĠEARNA na slóġ, a ḃreaṫnuiġios go ceart, ḋearḃus na duḃáin agus an croiḋe, faicimsi do ḋioġaltas orrasan: óir is duitsi dfoillsiġ mé mo ċúis.


Misi an TIĠEARNA scrúduim an croiḋe, dearḃuim na duḃáin, eaḋon do ṫaḃairt dá gaċ uile ḋuine do réir a ṡliġṫeaċ, agus do réir toruiḋ a ġníoṁ.


Aċt, a TIĠEARNA na slóġ, ḋearḃus an firéun, agus do ċí na dúḃáin agus an croiḋe, faicim do ḋioġaltas oria: óir as duit doscuil mé mo ċúis.


Agus suiḋeoċa sé pailliúin a ṗáláis eidir na fairgiḃ annsa tslíaḃ ġlorṁar náoṁṫa; ṫairis sin tiucfa sé ċum a ċríċe, agus ní ċuideoċuiḋ duine ar bioṫ ris.


Agus a nuáirsin féin do ḃuáil aingeal an Tiġearna é, do ḃríġ naċ ttug sé glóir do Ḋía: agus ar na iṫe do ṗíasdaiḃ, do ċuáiḋ a spiorad as.


Agus a nois don té lér féidir siḃ do ḋaingniuġaḋ do réir mo ṡoisgeilsi, agus ṡeanmóra Iósa Críosd, do réir ḟoillsiġe na seicréide, noċ do congṁaḋ go folaiġeaċ ó ṫús an doṁain,


Ċum ḃur gcroiḋeaḋ do ḋaingniuġaḋ neimċiontaċ a náoṁṫaċd a ḃfiaḋnuisi Dé eaḋon ar Naṫar, a dteaċd ar Dtíġearna Iósa Críosd maille ré na nuile náoṁuiḃ.


Agus Día na nuile ġrás, noċ do ġoir sinn ċum a ġlóire síorruiḋe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáiḋearṫa dfulang ḋíḃ, go ndéuna sé féin siḃ íomlán, go neartuiġe, go láidriġe, agus go ndaingniġe sé siḃ.


Iudas, searḃḟoġantuiġe Iósa Críosd, agus dearḃráṫair Ṡéumuis, ċum na druinge atá ar na ngairm, ar na náoṁaḋ ó Ḋía Aṫar, agus ar na gcoiṁéud fá ċoṁair Iósa Críosd:


Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseaċa uíle gur misi sgrúduiġeóir na nduḃán agus na gcroiḋṫeaċ: agus do ḃéur dá gaċ áon aguiḃse réir ḃur ngníoṁarṫaḋ.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Ná féaċ ar a ġnúis, no ar áirde a ṗearsann; do ċionn gur ḋíult misi é: óir ní ḟaiceann an TIĠEARNA mar do ċí duine; óir do ċí an duine an ní ḃías a ḃfiaġnuise a ṡúl, aċd do ċí an TIĠEARNA an croiḋe.


Cuiṁdeoċuiḋ sé cosa a naoṁ, agus béid na cionntuiġ na ttoċd an ndorċadas; óir ní ḃéara éainneaċ buáiḋ le neart.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ