Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 6:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Déan trócaire orum, ó a ṪIĠEARNA; óir atáim lag: a ṪIĠEARNA, leiġis mé; óir atáid mo ċnáṁa buáiḋearṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

2 Déan trócaire orm, ’Ḋia na ngrás, Oir lag ataim gan ċeart; ’Ḋia, slánuiġ me anois am’ ḟeiḋm O taid mo ċnáṁa gan neart.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

2 Bíoḋ trócaire agat orm, a Ṫiarna, ó táim cloíte: a Ṫiarna, slánaiġ mé, ó tá mo ċnáṁa coscarṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 6:2
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ann sin do ġuiḋ Abraham Día: agus do leiġis Día Abimeleċ, agus a ḃean, agus inniltiġ; agus rugadar clann.


Bíoḋ truáiġe agaiḃ ḋaṁ, bíoḋ truáiġe agaiḃ ḋaṁ, ó mo ċáirde; óir do ḃain láṁ Dé riom.


Oír gortuiġiḋ sé, agus ceangluiḋ súas: loitiġ sé, agus do níd a láṁa féin slán.


Atáim ar mo ḋortaḋ amaċ aṁuil uisge, atáid mo ċnáṁa uile as a nionad fein: is cosṁuil re céir mo ċroiḋe; ar leaġaḋ a meaḋon minniġeaḋ.


O a ṪIĠEARNA mo Ḋía, do ċoṁairc mé ċugad, agus do leiġis tú mé.


Oír do caiṫeaḋ mo ḃeaṫa lé doilġios, agus mo ḃlíaḋna re hosnaḋuiḃ: do laġduiġ mo neart tre méaigceart, agus atáid mo ċnáṁa ar na ccnaói.


A nuáir do ḃí mé am ṫoċd, dfásadar mo ċnáṁa foirfe do ḃríġ mo ḃúirfeaḋa ar feaḋ an laói.


Oír atáid do ṡoiġde na seasaṁ go daingion ionnum, agus atá do láṁ dom ḃruġaḋ go doirḃ.


Ní ḃfuil sláinte ar biṫ ann mfeóil do ḃríġ ṫfeirgesi; ní ḃfuil síoṫċáin am ċnáṁuiḃ do ḃríġ mo ṗeacaiḋ.


Oír atáid mo ṡlíasta dá losgaḋ; agus ní ḃfuil falláine ar biṫ ann mfeóil.


Do ḃéarair orum gáirdeaċus agus lúaṫġáir do ċlos; ċum go ndéindís na cnáṁa noċ do ḃris tú luaṫġáire.


Agus a duḃairt, Má eísteann tú go dúṫraċdaċ re guṫ an TIĠEARNA do Ḋía, agus do ndéana tú an ní is ceart na raḋarc, agus go ttiuḃra tú aire dá aiṫeantuiḃ, agus go gcuiṁdeoċa tú a reaċda uile, ni ċuirfe me énni dona heasláintiḃsi oruiḃ noċ ṫug mé ar na Hégiptiḃ: óir is misi an TIĠEARNA leiġisios tú.


A ṪIĠEARNA, smaċtuiġ mé, aċt maille re breiṫeaṁnus; ní ann ṫfeirg: deagla go ndeanta neiṁní ḋíom.


Slánuiġ mé, a ṪIĠEARNA, agus biáiḋ mé slán; sáor mé, agus biáiḋ mé sáorṫa: óir is tú mo ṁolaḋ.


Deanam, agus filleam ċum an TIĠEARNA: óir isé do ḃris, agus leiġiosuiḋ sé sinn; isé do ḃuáil, agus ceingeola sé súas sinn.


Agus do éiġ Maóise air an TTIĠEARNA, ga ráḋ, Slánuiḋ a nois í, a Ḋé, iarruím daṫċuinġe ort.


Agus do ċúaiḋ a ċlú feaḋ na Síria uile: agus tugadar ċuige gaċ áon da raiḃ easlán agus ar na gcuiḃreaḋ lé gálruiġṫuḃ agus le piántúiḃ éugsaṁla, agus agá mbidis deaṁain ionnta, agus do ḃíoḋ tinn lé goin na raé, agus luċd pailirise; agus do ṡlánuiġ sé iád.


Féuċuiḋ a nois gur misi, misi féin é, agus ní ḃfuil día am ḟarraḋ: is mé ṁarḃus, agus is mé ní béo; loitim, agus leiġisim: agus ní mó atá éinneaċ ḟéadas sáoraḋ as mo láiṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ