Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 57:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Atá manam a measg leoṁan: luiġim a measc druinge atá re ṫeiniḋ, eaḋon clann na ndaoine, dar ġáeṫe agus soiġde a ḃfíacla, agus gur cloiḋṁṫe géara a tteangṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

4 Ṫa m’anam boċt a ccóṁnuiḋe fós, A meoḋuin leóṁan ġairg; A measg an drong na luiġ ata, Air lasaḋ suas le feirg: Dáoine ga ḃfuil a ḃfiacla fós, Mar lann ’s mar ṡoiġde géur; Mar ċloiḋṁe rinneaċ ’s aṁluiḋe sin, A dteangṫa san go léir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

4 Cuirfiḋ Dia amaċ a ṫrócaire agus a ḟírinne: tá mʼanam sa i measc na leon.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 57:4
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cia ḟéudas doirse a aiġṫe dosclaḋ? atáid a ḟíacla úaṫḃásaċ timċioll fa ccuáirt.


Luiġiḋ sé a ḃfeiṫeaṁ go diaṁair aṁuil leoṁan iona ḟúaṫais: luiġiḋ sé a ḃfeiṫeaṁ cum beirṫe air na boċduiḃ; beiríḋ sé ar an mboċd, a nuáir ṫairrngios sé é ċum a lín.


A ṪIĠEARNA, cá fad ḃías tú ḋá ḟaicsin so? sáor manam ó na mbuáiḋreaḋ, mo ṁuirnín ó na leoṁanuiḃ.


Cuir ċugam do ṡolus agus ṫfírinne: tréoruiġdís mé; tugaidís mé ċum do ċnuic náoṁṫa, agus ċum hionaid coṁnuiġe.


Tionnsgnuiḋ do ṫeanga urċóid; aṁuil gérscían ḃéarrṫa, ag oibriuġaḋ go cealgaċ.


Bá bláiṫe bríaṫra a ḃéil ná ím, aċt do ḃí cogaḋ iona ċroiḋe: bá buige a ḟocail ná ola, giḋeaḋ bá cloiḋṁṫe tairrngṫe íad.


A Ḋé, bris a ḃfíacla iona mbéul: bris amaċ fíacla móra na nóigleoṁan, a ṪIĠEARNA.


Féuċ, taifnid re na mbéul: atáid cloiḋṁṫe iona bpusaiḃ; óir, a deirid, Cía ċluin?


Noċ do ġéaraiḋ a tteanga mar ċloiḋeaṁ, do órduiġ a soiġde, eaḋon focail ṡearḃa:


Bíḋ drong ann laḃras cosṁuil re sáiṫiḃ cloiḋiṁ: aċt is sláinte teanga a neagnuiḋe.


An te do ní fiaḋnuise ḃréige a naġaiḋ a ċoṁarsan is farca, cloiḋeaṁ, agus soiġíod rinneaċ é.


Aṁuil ḃíos leoṁan cuṫaiġ, agus maṫġaṁuin luáimneaċ; marsin ḃíos an droċúaċtaran ós cionn na ndaóine mboċt.


Bí gincalaċ ann a mbíd a ḃfiacla mar ċloiḋṁṫe, agus fíacla a ngíall mar sceana, do scrios an ḃoiċt don tsáoġal amaċ, agus a neasḃuiġiḋ ó ḃeiṫ a measc na ndaóine.


Agus as teine an teanguiḋ, doṁan na héugcora: as mar sin atá an teanguiḋ ar na suíġeaḋ a measg arm ball, go salċann an corp uile, agus go gcuireann air lasaḋ sdaid ar mbeaṫa ó ġeintear sinn; agus is ó ifrion lastar í.


Agus ṫáinic cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar amaċ as a ḃéul, ċum na gcineaḋaċ do ḃúalaḋ ris: agus do ḋéunuiḋ sé a ríaġluġaḋ ré slait íaruinn: agus a se ṡaltras fá na ċosaiḃ úmar fíona cúṫuiġ ḟeirge Dé Uileċuṁaċduiġ.


Aċ muna ndearnaḃair, tigeaḋ teiniḋ amaċ ó Abimeleċ, agus Loisgeaḋ sí muinntir Sċeċem, agus tiġ Ṁillo; agus tigeaḋ teiniḋ amaċ ó ṁuinntir Sċeċem, agus as tiġ Ṁillo, agus loisgeaḋ si Abimeleċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ