Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 51:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Niġ mé ó mo ċiontaiḃ go hiomlán, agus glan mé ó mo ṗeacaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

2 Go hiomlán ionnuil me om loċt, Glan me om ċoir ad ġráḋ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

2 Niġ mé ar fad óm urċóid: agus glan mo ṗeaca díom.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 51:2
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuir Dáiḃi teaċda uaḋ, agus tugaḋ ċuige í; agus ṫaínic sí a steaċ ċuige, agus do luiḋ sé lé; oir do ḃí sí ar na glanaḋ ó na neaṁġlaine: agus dfill sí ḋá tiġ féin.


Agus do ċuir an TIĠEARNA Nátan ċum Dáiḃi. Agus ṫáinic sé ċuige, agus a dúḃairt ris, Do ḃádar dias fear a néanċaṫruiġ; fear aca saiḋḃir, agus an fear oile boċd.


Cía ṫuigfeas a ṡeaċrán? ó ṗeacuiġiḃ foluiġeaċa glansa mé.


Glansa le hisóip mé, agus bíad glan: niġ mé, agus buḋ gile mé ná sneaċda.


¶ Ionnluiḋ siḃ féin, glanuiḋ siḃ féin; cuiriḋ uáiḃ olc ḃur ngníoṁ as mo raḋarc; sguiriḋ do ḋéanaṁ uile;


A Ierusalem, ionnuil do ċroiḋe ó urċoid, ċor go sáorfuiġear ṫú. Cá fad áiteoċuid do smuaintiġṫe díoṁaóine a stiġ ionnad?


Annsin croiṫfiḋ mé uisge glan oruiḃ, agus beiṫí glan: ó ḃur nuile ṡalċar, agus ó ḃur nuile ioḋaluiḃ, sgagfa mé siḃ.


Agus an téadaċ, más dlúṫ nó inneaċ, nó giḋ bé ar bíṫ ní do ċroicionn da mbía, noċ niġfeas tú, má ḟágḃann an loit íad, annsin niġfiġear an dara huáir íad, agus biáiḋ glan.


Annsa lo sin oisceoltar tobar do ṫiġ Ḋáiḃi agus dáitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem ar son peacaiḋ agus ar son neaṁġloine.


A duḃairt Siomón Peadar ris, A Ṫiġearna, ní híad mo ċosa aṁain, aċd mo láṁa agus mo ċeann mar an gcéadna.


Agus a nois créd do ḃeir ag déunaṁ moilee ṫú? éiriġ, gaḃ baisdeaḋ ċugad, agus bí ar do ġlanaḋ ód ṗeacaḋaiḃ, ar ngairm ar ainm an Tiġearna.


Agus mar so do ḃí cuid agaiḃse: aċd atá siḃ ar ḃur nionnlaḋ, aċd atá siḃ ar ḃur náoṁaḋ, aċd atá siḃ ar ḃur sáoraḋ a nainm an Tiġearna Iósa, agus tré Spioraid ar Ndéinne.


Agus ó Iósa Críosd, an ḟíaḋnuisí ḟíre, an ċéidġin ó ṁarḃuiḃ, agus prionnsa ós ríoġuiḃ na talṁan. An tí do ġráḋuiġ sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacaḋuiḃ ré na ḟuil féin,


Agus a duḃairt mise ris, A ṫíġearna, atá a ḟios agadsa. Agus a duḃairt seision riomsa, Ag so an dream ṫáinic as buáirḋirt ṁóir, agus do niġ a róbuiḋe, agus do ġealuiḋ íad a ḃfuil a Nuáin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ