Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 38:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Oír atáid do ṡoiġde na seasaṁ go daingion ionnum, agus atá do láṁ dom ḃruġaḋ go doirḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

2 Oir ataid do ṡaġide guineaċ géur, ’Nam saiṫte féin go teann; A’s oram ata do laṁ go trom, Dom ċongḃail sios gaċ am.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

2 Óir tá do ṡaiġeada sáite ionam: agus do láṁ anuas orm go trom.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 38:2
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír atáid soiġde a nuile‐ċuṁaċduiġ ionnam a stiġ, iḃiġ a niṁsin mo spiorad súas: cuirid crioṫnuiġṫe Dé íad féin a nórduġaḋ am aġuiḋ.


Uime sin ċuirfios tú roṁad íad, mar ḃuta re ccaitear soiġde cuirfi tú do ṡoiġde air do ṡranguiḃ as ċoinne a néadain.


Oír do ḃí do laṁ trom orum do ló agus doiḋċe: do hiompóiġeaḋ mo ḟliċeaċd a ttart saṁraiḋ. Selah.


Déan trócaire orum, ó a ṪIĠEARNA; óir atáim lag: a ṪIĠEARNA, leiġis mé; óir atáid mo ċnáṁa buáiḋearṫa.


Aċt caiṫfiḋ Día íadsan le soiġid; biáiḋ siád loitiġe go hobann.


Do ċam sé a ḃóġa, agus do ṡuiġiḋ sé misi mar ċoṁarṫa ḋa ṡoiġid.


Oír go deiṁin do ḃí láṁ an TIĠEARNA na naġaiḋ, dá scrios as measc an tslóiġ, nó gúr díoġḃáiḋeaḋ íad.


An ḃfanfaḋ siḃsi ríu nó go ḃfasaidís? an ḃfanfaḋ siḃ ríu ó ḟearuiḃ do ḃeiṫ agaiḃ? ní heaḋ, a inġéana; óir goilliḋ orum go mór ar ḃur sonsa, go ndeaċaiḋ láṁ an TIĠEARNA amaċ am aġaiḋ.


Mar sin do ċuireadar teaċda amaċ agus do ċruinniġeadar tiġearnuiġ na Ḃṗilistineaċ uile, agus a duḃradar, Cuiriḋ ar siuḃal airc De Israel, agus léigṫear ḋi dul dá háit féin, ċor naċ muirfiḋ sí sinne, agus ar ndaoíne: óir do ḃí díoṫlaiṫriuġaḋ ar feaḋ na caiṫreaċ uile; do ḃí láṁ an TIĠEARNA ro ṫrom ann sa náit sin.


¶ Aċ do ḃí láṁ an TIĠEARNA trom ar ṁuinntir Asdod, agus do sgrios sé íad, agus do ḃuáil sé íad lé hemeróidiḃ, eaḋon Asdod agus a cóstaḋa.


Agus feaċuiḋ, má ġaḃann sí súas a sliġe a cósta féin go Bet‐semes, ann sin sé do rinne an tolc mórsa ḋúinne: aċd muna ngaḃa, annsin aiṫeanam naċ í a laṁsan do ḃuáil sinn; aċt gur cinneaṁuin ṫáinig orruinn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ