Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 24:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Cía raċus súas a slíaḃ an TIĠEARNA? agus cía ṡeasfas ion ionad náoṁṫa?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

3 Cia hé an fearsan a ṫéid suas, Go tuluiġ náoṁṫa Dé? A’s fós an ionad náoṁṫasan, Cia ṡeasas ann go réiḋ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

3 Cé a ardós cnoc an Tiarna: nó cé a ṡeasfas ina áit naofa?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 24:3
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do rinne Dáiḃi tiġṫe ḋó féin a ccaṫruiġ Ḋáiḃi agus dullṁaiġ sé áit dairc Dé, agus do ṡuiḋiġ sé lóistin di.


A ṪIĠEARNA, cía ċoiṁneoċus ann do ṫabernacuil? cía áitreoḃus ann do ċnoc náoṁṫa?


Giḋeaḋ do ċuir misi mo ríġ air mo ċnoc náoṁṫa Sion.


Is beannuiġe an té ṫoġas tú, agus do ḃeirir a ngar, do ḋéana sé coṁnuiġe ann do ċuirtiḃ: saiseoċṫar sinne re neiṫiḃ maiṫe do ṫiġe, do ṫeampuill náoṁṫa.


Do ċuáiḋ tú súas ar árd, ṫugais braiġdeanas a mbraiġdeanas leaċd: do ġaḃ tú tioḋlaicṫe ar son daóine; agus fós, ar son na méirleaċ, ċum coṁnuiḋe na measc a ṪIĠEARNA Día.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA riom, A ṁic an duine, coṁarṫuiġ go maiṫ, agus féuċ led ṡúiliḃ, agus cluin led ċlúasaiḃ a nuile ní a déara misi riot a ttaoḃ órduiġṫe ṫiġe an TIĠEARNA, agus a ḋliġṫe uile; agus coṁarṫuiġ go maiṫ dul a steaċ an tiġe, maille re dul amaċ na sanctóra.


¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ní raċuiḋ coiṁṫiġeaċ ar biṫ, neiṁṫimċillġéarrṫa a gcroiḋe, nó neiṁṫimċillġéarṫa a ḃfeóil, asteaċ ann mo ṡanctoirse, do ċoiṁiġṫeaċ ar bioṫ dá ḃfuil a measc ċloinne Israel.


Ann sin a duḃairt Maóise re Háaron, Is é so an ní do laḃair an TIĠEARNA, gá ráḋ, Biáiḋ mé náoṁṫa annsa droing ṫig a ngar ḋaṁ, agus as coinne an ṗobail uile biáiḋ glóir ḋaṁ. Agus do ṫoċd Aáron.


Feuċ, cuirfiḋ mé mo ṫeaċtaire, agus uillṁeoċa sé an tsliġe roṁam: agus tiucfa an TIĠEARNA, noċ íarṫaói, go hobann da ṫeampall, eaḋon teaċtaire an ċunnarṫa, iona ḃfuil ḃur ndúil: féuċ, tiucfa sé, a deir TIĠEARNA na slóġ.


A duḃairt Siomón Peadar ris, A Ṫiġearna, gá háit a dtéid tú? Do ḟreaguir Iósa é, Mar a dtéiġimsi, ni ḟeudann tusa a nois mo leanṁuin; giḋeaḋ leanfuiḋ tú mé na ḋiáiġ so.


A duḃairt Iósa ría, Na bean rium; óir ní ḋeaċaiḋ mé fós súas ċum Maṫar: aċd imṫiġ roṁad ċum mo ḋearḃraiṫreaċ, agus abair ríu, Go ḃfuilim ag dul súas ċum Matrhar féi, agus ċum ḃur Naṫarsa; ċum mo Ḋé féin, agus ḃur Ndíasa.


Uime sin ar ḃfaġáil ríaċda ḋúinn naċ féidir a ċorruġaḋ, bíoḋ grás aguinn, tré na ḃféudfum seirḃís a ḋéunaṁ do Ḋía ann a mbíaḋ dúil aige maille ré náire agus ré faitċeas:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ