Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 2:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Foillseoċa mé an reaċd: a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Is tú mo Ṁac; a niuġ do ġin mé ṫú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

7 An reaċd úd, leam go ḃfoillseoċar; ’Deir an Tiġearna rium, Is tu mo ṁacsa; la so ’niuġ Do gineaḋ ṫusa liom.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

7 Fógróiḋ mé an Aiṫne: is é dúirt an Tiarna liom, is Tú mo ṁac, inniu a ġin mé tú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 2:7
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Biáiḋ misi am aṫair aige, agus biáiḋ seision na ṁac agamsa. Má ní sé éigceart, smaiċdeoċad e lé slait na ndaóine, agus le builliġiḃ ċloinne na ndaóine:


Aċt atá seision déain inntinn, agus cía ḟéudas a ḟilleaḋ? agus gíḋ bé ar biṫ is toil le na anam, sé siu féin do ní sé.


Agus do ḋaingniḋ sé ċoiḋċe, agus go bráṫ íad: ṫug sé reaċd úaḋ agus ní sáireoċṫar í.


Mar an gcéadna do ḋéana mé eision na ċéidġin, niós áirde ná ríġṫe na talṁan.


Ag foillsiuġaḋ an deiriḋ ón tosaċ, agus ón tseanaimsir na neiṫe naċ déarnaḋ fós, ġa ráḋ, Seasfa mo ċoṁairlesi, agus do ḋéana mé mo ṫoil féin go hiomlán:


Agus ar ḃfreagra do Ṡímón Peadar a duḃairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé ḃí.


Suil do sguir seisean do laḃairt, féuċ, do ṫeilg néull soillseaċ sgáile orrṫa: agus feuċ táinic guṫ as an néull, ag ráḋ, Ag so an Mac gráḋaċ úd agamsa, an a ḃfuil mo ṫoil ṁaiṫe; Eisdiġ ris.


Agus féuċ gúṫ ó neaṁ, ag ráḋ, Ag so mo Ṁac gráḋaċ so, dá ḃfuil mo ṁórṫoil ann.


Agus, féuċm do éiṁġeadar, ag ráḋ, Créud é ar gcuídne ḋiót, a Iósa, Ṁic Dé? an dtainic tú ann so dár gcéusaḋne roiṁe a naimsir?


Agus do rinneaḋ féoil don Ḃreiṫir, agus do ċoṁnuiġ sé eadruinne, (agus do ċunncamar ġlóirsion, mar ġlóir éinġeine Ṁic an Aṫair,) lán do ġrásuiḃ agus dfírinne.


Ni ḟacaiḋ neaċ ar biṫ Día a riaṁ; an áoinġein Ṁic, atá an uċd a Naṫar, as é dfoillsiġ é ḋúinne.


Oír is mar so do ġráḋuiġ Día an doṁan, go dtug sé a éiġein Meic fein, ionnus giḋ bé ċreideas ann, naċd raċaḋ sé a muġa, aċd go mbeiṫ an ḃeaṫa ṡiorruiḋe aige.


Gur ċoiṁlíon Día ḋúinne a gclann é, at dtógḃáil Iósa súas arís; mar atá sgríoḃṫa fós ann sa dara Salm, Is tusa mo Ṁacsa, a niuġ do ġein mé ṫú.


Agus ar mbeiṫ ḋóiḃ ag imṫeaċd sa tsliġe, tangadar ċum uisge áiriġe: agus a duḃairt an cailltéanaċ, Féuċ, an tuisge; créud ṫoirmisgeas mise ḃaisdeaḋ?


Do foillsiġeaḋ na Ṁac Dé a gcúṁaċdaiḃ, do réir spioraid na náoṁṫaċda, tré eiséirġe ó ṁarḃaiḃ:)


Aċd atá Críosd mar ṁac a gceannas a ṫiġe féin; agár ab sinne a ṫíġ, má ċungḃamuid go daingean go teaċd don ċríċ ḋeiġeanuiġ dóṫċas agus gairdeaċas na muiniġne.


As mar an gcéúdna ní úaḋ féin do ġaḃ Críosd a nonóirse ċúige go ndeuntáoi árdsagart de; aċd ón ti a duḃairt ris, As tú mo Ṁac, a niúġ do ġein misi ṫú.


Agus bíoḋ gur be an Mac é, dfoġluim sé úṁlaċd as na neiṫiḃ do ḟulaing sé;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ