Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 18:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Goirfe mé air an TTIĠEARNA, nóċ is fíu a ṁolaḋ: agus sáorfuiġṫear óm naiṁdiḃ mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

3 Nois gairim air an dTiġearna, Da ndliġṫear molaḋ síor; Mar sin ó m’eascáirdiḃ go léir, Coiṁéadfear me go fíor.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

3 Glaofaiḋ mé ar an Tiarna, an té is fiú a ṁolaḋ: is aṁlaiḋ a saorfar ó mo naiṁde mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 18:3
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Goirfiḋ mé ar an TTIĠEARNA, noċ is fíu a ṁolaḋ: marsin sáorfuiġear ar mo náṁaid mé.


Annsin a duḃradar na Leḃitiġ, Iessua, agus Cadmíel, Báni, Hasabniah, Serebiah, Hodiiah, Sebaniah, agus Petahiah, Seasuiḋ súas agus beannuiġ ḃur TIĠEARNA Día a sáoġal na saoġal: agus go maḋ beannuiġ hainm glórṁar, noċ atá ár nárduġaḋ ós cionn gaċ uile ḃeannuiġṫe agus ṁolta.


Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA mo ċarruic, noċ ṁúinios mo láṁa ċum caṫa, mo ṁéir ċum cogaiḋ.


Is mór an TIĠEARNA, agus is ionṁolta go ro árraċta; agus ní ḃfuil cúartuġaḋ air a ṁórḋaċt.


Déiġios ċum an TIĠEARNA lem ġuṫ, agus do ċúaluiḋ sé mé amaċ as a ċnoc náoṁṫa. Selah.


Tarruing amaċ mé as an líon noċ do ḟoluiġeadar am ċoinne: óir is tú mo neart.


Is mór an TIĠEARNA, agus is ionṁolta go hanṁór a ccaṫruiġ ar Ndé, slíaḃ a naoṁṫaċda.


Agus goir orumsa a ló a néigiontais: agus sáorfad ṫú, agus do ḃéara tú glóir ḋaṁ.


Ar mo ṡonsa, éiġfe mé ċum Dé; agus sáorfa an TIĠEARNA mé.


Cá fad ḃeiṫí smainiuġaḋ urċuid a naġaiḋ ḋuine? muirfiġear siḃ uile: beiṫí mar ḃalla ċláon, mar ḟál ṫrasgarṫar síos.


Cuiriḋ ḃur ndóiġ ann a ccoṁnuiġe; siḃsi a ḋaoine, dóirtiġe amaċ ḃur ccroiḋe dá laṫair: isé Día is dídion ḋúinn. Selah.


Bí ḋaṁsa ad ionad súiġe daingion, ċum a raċad do ġnáṫ: óir ṫugais aiṫne mo ṫárṫáil; is tú mo ċarruic agus mo ḋaingion.


Atá tú loinnearḋa agus oirḋeirc ós cionn ṡléiḃte na creiċe.


Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona ḃuaiḋreaḋ; do ḋéanad a ṡaoraḋ, agus a ġlóruġaḋ.


A déarad a ttaoḃ an TIĠEARNA, Mo ḋídean agus mo ḋaingion: mo Ḋía; cuirfiod mo ḋóṫċus ann.


Oír is mór an TIĠEARNA, agus is íonṁolta go hiomarcaċ: is ineagla é tair na huile ḋée.


O a ṪIĠEARNA, mo neart, agus mo ḋaingion, agus mo ċúil ḋidin a ló na haindeisi, tiucfaid na geintiḋe ċugad ó ṫéorannuiḃ na talṁan, agus a déuruid, Go deiṁin do ġaḃadar ar naiṫre óiġreaċt na mbréug, an dioṁaoinis, agus neiṫe gan tairḃe.


Ga gcuiṁdéoċaḋ sé sinn ó ar naiṁdiḃ, agus ó láiṁ gaċ uile ḋuine agá ḃfuil fúaṫ ḋuinn;


Agus tiocfuiḋ ċum críċe, giḋ bé ġuíḋfeas ainm an Tiġearna sláineoċṫair é.


As fíu ṫú, a Ṫíġearna, glóir, agus onóir, agus cúṁaċda dfaġáil: óir as tú do ċruṫuiġ na huile neiṫe, agus as tré do ṫóilse atáid agus do crúṫuiġéaḋ íad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ