Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 15:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 An té naċ déan iṫiomráḋ le na ṫeangaiḋ, is naċ déan olc dá ċoṁarsuin, is naċ ttógḃann súas míoċlú a naġaiḋ a ċoṁarsan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

3 An té naċ dean air neaċ air biṫ, Iṫiomráḋ le na ḃéul, Naċ ndeanan olc da ċóṁarsan, ’Snaċ ttógan air droiċsgéul.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

3 An té naċ mbíoḋ cealg ina ṫeanga, agus naċ ndearna doċar dá ċoṁarsa: agus naċ ndearna iṫiomrá ar a ċoṁarsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 15:3
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Teilg amaċ an tarcuisneaċ, agus raċaiḋ an ceannairg amaċ; scuirfiḋ fós, an timreasan agus an ṁasla.


Atá an flaiṫeaṁnus air áirde, an talaṁ ar ḋoiṁne, agus croiḋe an ríġ doscrúdtaiġ.


Is beannuiġṫe an té do ní so, agus mac an duine ḃeirios greim air; noċ ċoiṁéadas an tsaóire gan a truáilleaḋ, agus ċoiṁéadas a láṁ ó ḋéanaṁ uilc ar biṫ.


¶ Ní imeoċuiḋ tú síos agus súas aṁuil scéaluiġe a measg do ḋáoine: ní mó ṡeasfas tú a naġaiḋ ḟola do ċoṁarsann: misi an TIĠEARNA.


Uime sin gaċ uile ní buḋ mían liḃ daoine do ḋéunaṁ ḋíḃ, deúnaiḋsi a leiṫéide ḋóiḃsean mar an gcéudna: oír a sé so an dliġeaḋ agus na faiġe.


Luċd iṫiomráiḋ, luċd fúaṫaiġe Dé, luċd tarcuisne, dáoine uáiḃreaċa, mórḋáláċa, luċd comṫa uile, easúṁal daiṫreaċaiḃ agus do ṁaiṫreaċaiḃ,


Na déanaiḋ olc a naġaiḋ uilc ar éainneaċ. Bíoḋ cúram na neiṫeann maiṫ oraiḃ a ḃfíaḋnuise na nuile ḋáoine.


Ní ḋéanann gráḋ olc don ċoṁarsain: ar a naḋḃarsin a sé an gráḋ coiṁlionaḋ an dliġe.


Gan neaċ ar biṫ do ṁasluġaḋ, gan ḃeiṫ brúiġneaċ, aċd suáiṁneaċ, ag táisbéunaḋ na huile ċeannsaċda do na huile ḋáoiniḃ.


Ná láḃruiḋ go holc ar a ċéile, a ḋearḃráiṫre. An tí láḃrus go holc a ḋearḃráṫair, agus an tí ḋamnuiġeas a ḋearḃráṫair, láḃruiġ sé go holc ar an réaċd, agus damnuiġe sé an reaċd: agus má ḋamnuiġeann tú an reaċd, ní fear coiṁlíonta an réaċda ṫú, aċd breiṫeaṁ.


A ḋearḃráṫair ġráḋuiġ, na lean don nolc, aċd don ṁaiṫ. An tí do ní an ṁaiṫ is ó Ḋía atá sé: aċd an tí do ní an tolc ni ḟacuiḋ sé Día.


Os a ċionn sin, a aṫair, féuċ, féuċ fós, sciorta do róba am láiṁ: óir as so gur ġearr mé iaċtar do róba, agus nar ṁarḃ mé ṫú féin, aiṫin agus féuċ naċ ḃfuil olc nó urċóid am láiṁ, agus nar ċiontuiġ mé ad aġaiḋsi; aċd atá tusa ag fíaḋaċ ar manumsa ċum a ġaḃála.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ