Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 127:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Féuċ, is oiġreaċt don TIĠEARNA clann: toraḋ na mbronn a luaiḋeaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

3 Féuċ is oiġreaċt do’n Ti’arna clann, Toraḋ na mbronn a ḋuais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

3 Níl siḃ aċ ag cur ḃur n‑oibre amú dá luas a éiríos siḃ agus dá ṁoille a ṫéas siḃ i luí, ag iṫe aráin na himní: ós aṁlaiḋ a ṫugann sé an codlaḋ don dream is ansa leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 127:3
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃeannuiġ Día íad, agus a duḃairt Día ríu, Bíoḋ siḃ tórrṫaċ, agus méuduiġiḋ, agus líonaiḋ an talaṁ, agus cuiriḋ fúiḃ é: agus bíoḋ tiġearnus aguiḃ ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaiṫ an aéir, agus ós cionn an uile neiṫe ċorruiġeas ar an ttalaṁ.


Agus do ḃeannuiġeadur Rebeca, agus a duḃradur ría, As tú ar ndeirḃṡiúr, bí ad ṁaṫair ṁílte do ṁillíunuiḃ, agus sealḃuiġidís do ṡíol geatuiḋe an luċda lér fúaṫ íad.


Agus do ṫóg se súas a ṡúile, agus do ċonnairc na mná agus an ċlann; agus a duḃairt, Cía híad súd agud? agus a duḃairt seision, An ċlann tug Día go grásaṁuil dod ṡeirḃíseaċ.


Agus do luiġ Aḋaṁ ré na ṁnáoi Eúḃa; agus do ṫoirrċeaḋ í, agus rug sí Cáin, agus a duḃairt sí, Do ġnoġuiḋ mé duine ón DTIĠEARNA.


Agus a duḃairt sé rium, Féuċ, do ḋéana mé tóirṫeaċ ṫú, agus méideóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋéana mé ḋíotiomad dáoine, agud do ḃéura mé an duṫaiḋsi dod ṡíol ad ḋiáiġ mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe.


Agus an seiseaḋ, Itream, re Heglah bean Ḋáiḃi. Síad so rugaḋ do Ḋáiḃi ann Hébron.


Agus tair mo ṁacaiḃ uile, (óir ṫug an TIĠEARNA mórán mac ḋaṁ,) do ṫoġ sé Solaṁ mo ṁac do ṡuiḋe annsa ċaṫaoir ríoġa a ríoġaċd an TIĠEARNA ós cionn Israel.


Agus do bá daóine árraċda a ngaisgiḋ mic Ulam, luċd caite soiġead, agus do ḃádar mórán mac aca, agus clann ċloinne, céad agus caogad. Is íad so uile mic Ḃeniamin.


Agus do rugaḋ móirṡeisior mac ḋó agus tríur inġean.


Brisfid a mboġaḋa fós a ndaóine óga na mbloḋuiḃ; agus ní ḃía truaiġe aca do ṫoraḋ na mbronn; ní ċoigeoluid a súile leiniḃ.


Féuċ, misi agus an ċlann ṫug an TIĠEARNA ḋaṁ atámaóid mar ċoṁarṫaiḃ agus mar iongántaiḃ ann Israel ó ṪIĠEARNA na slóġ, noċ áitreaḃus a slíaḃ Síon.


Agus do ḋéana an TIĠEARNA saiḋḃir a maóin ṫú, a ttoraḋ do ċuirp, agus a ttoraḋ háirnéisi, agus a ttoraḋ do ṫalaiṁ, an sa dúiṫċe noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ do ṫaḃairt ḋuit.


Buḋ ḃeannuiġ ḃías toraḋ do ċuirp, agus toraḋ ṫfearuinn, agus toraḋ háirnéisi, biseaċ do ḃó, agus biseaċ do ṫréud cáoraċ.


Agus do ḃádar tríoċad mac aige, agus tríoċad inġean, noċ do ċuir sé amaċ úaḋ, agus ṫug sé tríoċad inġean a steaċ ċuige dá ṁacaiḃ. Agus do ḃí na ḃreiṫeaṁ a Nisrael seaċd mblíaḋna.


Ar son an leiniṁsi do ḃí mé ag guiḋe; agus ṫug an TIĠEARNA maṫċuinġe ḋaṁ, noċ do íarr mé air:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ