Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 101:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Ní ċuirfiod cúis urċóideaċ ar biṫ ós coinne mo ṡúl: is beag orum gníoṁarṫa na ndaóine noċ ċláonas; ní ċeangoluiḋ sé ḋíom.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

3 Cúis urċóideaċ ní ċuirfiod fós, Ó’s coine mo ṡúile glé. Droċ‐ġnioṁarṫa ni ṫaitnean liom, Do ġníḋeas daoine claon; Ni ċeangólaiḋ se ḋíom go déo, Le sgrios air m’anam féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

3 Ca huair a ṫiocfaiḋ tú ċugam: siúlfaiḋ mé i mo ṫeaċ le croí gan ċlaon.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 101:3
44 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do rinne mé eaċd rem ṡúiliḃ; uimesin cred fá smuáinteoċuinn ar ṁaiġdin?


Fúaṫuiġim smuáintiġṫe díoṁaoine: aċt gráḋuiġim do ḋliġeaḋsa.


Taḃair air mo ṡúiliḃ gaḃáil seaċa ó ḋíoṁaoineas dfaicsin; béoġuiḋ mé ann do ṡliġe.


Aċt an luċt ċláonas ċum na ndroiċṡliġeaḋ, tréoroċuiḋ an TIĠEARNA íad lé luċt oibriġṫe a négceirt: go raiḃ síoṫċáin air Israel.


Lé fúaṫ diongṁálta fúaṫuiġim íad: atáid mar naiṁde agam.


Do ċlaonadar uile, atáid síad uile truáilliġ: ní ḃfuil éainneaċ do ní maiṫ, ní ḃfuil, éainneaċ aṁáin.


Is míċeart agus mealltóireaċd bríaṫra a ḃéil: do léig ḋe ḃeiṫ glic, agus maiṫ do déanaṁ.


A Duḃairt mé, Do ḃéara mé aire dom ṡliġṫiḃ, go naċ déanad peacaḋ lem ṫeangaiḋ: coinneoċad srian rem ḃéul, an feaḋ ḃías an ciontaċ ós mo ċoinne.


Is beannuiġe an duine ċuireas a ḋóṫċus ansa TIĠEARNA, agus nár ḟéuċ do nuáiḃreaċ, nó don luċd ċláonas ċum bréug.


Fear mo ṡíoṫċána, fós, iona raiḃ mo ḋóiġ, noċ a duáiġ marán, do ṫog sé súas a ṡál am aġaiḋ.


Agus dfilliodar agus do ċuireadar caṫuġaḋ ar Ḋía, agus do ċuireadar an Táon Náoṁṫa Israel a gcuimsi.


Aċt dfilliodar air a ccúl, agus do ṗeacuiġeadar go míoċoinġiollaċ mar a naiṫre: do ḃádar air na niompóġ mar ḃoġa cealgaċ.


A ḋream ler bionṁuin an TIĠEARNA, fúaṫuiġesi an tolc: coiṁéuduiġ sé anmanna a náoṁ; sáoruiḋ sé íad as láiṁ an ṗeacaiḋ:


Ní ṡainteoċa tú tiġ do ċoṁarsan, ní ṡainteoċa tú bean do ċoṁarsan, nó óglaċ do ċoṁarsan, nó a ḃanóglaċ, nó a ḋaṁ, nó a assal, no énni is lé do ċoṁarsaín.


Do ḟilleadar go hobann as an tsliġe do aiṫin misi ḋíoḃ: do rinnéadar láoġ leaġṫa ḋóiḃ féin, agus do aḋradar ḋó, agus do íoḋbradar ḋó, agus a duḃradar, Is íad so do ḋéesi, ó a Israel, noċ ṫug ṫu amaċ as críċ na Hégipte.


Droċḋuine, duine gan ṁeas, siuḃluiġiḋ sé le droiċḃéul.


Sméidiġ sé le na ṡúiliḃ, laḃraiḋ sé le na ċosaiḃ, múiniḋ sé le na ṁéuruiḃ;


Ná las a ndiáiġ a scéiṁe ann do ċroiḋe; agus ná gaḃaḋ sí ṫú le forrḋuḃuiḃ a súl.


Así eagla an TIĠEARNA an tolc dfúaṫuġaḋ an túaḃar: agus a niomarcaiḋ, agus an droiċṡliġe, agus fúaṫuiġim, an béul míolaḃarṫaċ.


Is féarr raḋarc na súl ná seaċrán na toile: is díoṁaóineas so mar an gcéadna agus buáiḋreaḋ spioraide.


Téiġiḋ amaċ as a tsliġe, filliḋ do leaṫtaóiḃ as an ccasán, tugaiḋ ar Aon Naoṁṫa Israel cosg roṁuinn.


An té ṡiuḃluiġios go hionnruic, agus laḃrus go díreaċ; an té ṫarcuisniġios tairḃe na héagcóra, ċroiṫios a láṁ ó ġlacaḋ cuṁṫa, stopas a ċlúasa ó ċluinsion fola, agus ḋruidios a ṡúile ó ḟaicsin uile;


Aċt ní ḃfuilid do ṡúilesi nó do ċroiḋe aċd ar son do ṡainte féin, agus do ḋórtaḋ fola neiṁċiontuiġe, agus ċum sáruiġṫe, agus foiréigin, da ḋéanaṁ.


Agus santuiġid síad fearuinn, agus beanuid amaċ íad lé foiréigion; agus tiġṫe, agus beirid leó íad: marsin sáruiġid duine gun a ṫiġ, eaḋon duine agus a oiġreaċd.


Agus ná smúaineaḋ duine ar bioṫ aguiḃ olc ann ḃuir ccroiḋṫiḃ a naġaiḋ a ċoṁarsan; agus ná gráḋuiġiḋ mionna bréige: óir is neiṫe íadso uile ḟuáṫuiġimsi, a deir an TIĠEARNA.


Aċd a deirimsi riḃ, Gioḋ bé neaċ ḟéuċas air ṁnáoi ċum a sanntaiġṫe go ndearnuiḋ sé aḋaltrannas lé ċeana ann a ċroiḋe.


Bíoḋ ḃur ngráḋ gan ċeilg. Bíoḋ gráin agaiḃ ar a nolc; agus ceangluiġ don ṁaiṫ.


Aċd a nois, ó átá eólas Dé aguiḃ, nó fós eólas Dé oruiḃ, cionnas ḟilleas siḃ a rís ar na céudṫosuíġiḃ eugcruáiḋe uireasḃaċa, dár mían ruḃ ḃeiṫ a rís fá ḋáoirse?


Agus ní ḃeanfa éainní don ní ṁalluiġ dot láiṁ: ċor go ḃfilliḋ an TIĠEARNA ona ḋásaċd feirge, agus go ttaisbeanuiḋ grasa ḋuitsi, agus go raiḃ truáiġe aige ḋuit, agus go méideoċuiḋ sé ṫú, mar do ṁionnuiġ sé dot aiṫriḃ;


Taḃair haire naċ biaḋ smuaintiuġaḋ ad ḋroċċroiḋe, ġa ráḋ, Atá an seaċdṁaḋ blíaḋan, blíaḋan an ṁaiṫṁeaċuis, ag druidion rinn; agus naċ biáiḋ do ṡúil go hole a naġuiḋ do ḋearḃraṫar ḃoiċt, agus naċ ttiuḃra tú éinní ḋó; agus go néiġfiḋ sé ar an TTIĠEARNA a taġaiḋ, agus go mbía na ṗeacaḋ ort.


Giḋeaḋ ní sinne an drung ṫéid air ccúl ċum dámnuiġṫe; aċd ċreideas ċum a nanma ṡlánúġaḋ.


Bíṫise ar a naḋḃarsin ro ċúrata do ċoiṁéad agus do ḋéanaṁ a nuile ní atá scríoḃṫa a leaḃar ḋliġe Ṁaoise, go naċ ḃfillfiḋe a leaṫṫaoiḃ uaḋ sin don láiṁ ḋeis no don láiṁ ċlé.


Oír do ḃfearr ḋóiḃ gan eólas do ḃeiṫ aca ar ṡlíġe na firéuntaċda, ná tar éis eólais dfaġail, impoġ ḋóiḃ ó náiṫne náoṁṫa tugaḋ ḋóiḃ.


Do ċúadar amaċ as ar measgne, oir ní raḃadar ḋínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidís go deiṁin má ráon rinn: aċd dimṫiġeadar uainn, ionnus go maḋ follas naċ dínne íad uile.


As aiṫreaċ liom go ndearna mé ríġ do Ṡuail: óir do iompoiġ sé ó misi leanṁuin, agus níor ċoiṁlíon maiṫeanta. Agus do ġoill sin ar Ṡamuel; agus do eíġ ar an TTIĠEARNA feaḋ na hoiḋċe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ