Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 10:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Luiġiḋ sé a ḃfeiṫeaṁ go diaṁair aṁuil leoṁan iona ḟúaṫais: luiġiḋ sé a ḃfeiṫeaṁ cum beirṫe air na boċduiḃ; beiríḋ sé ar an mboċd, a nuáir ṫairrngios sé é ċum a lín.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

9 Mur leoṁan ’na luiḋe a ḃfeill ata, Na ṫaṁ a ḃfuaṫċuis ḋian, A’ gaḃail na mboċt: ’s ġaiḃ se iad Da ttarruing ann a lion.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

9 Óir fanann sé i luíoċán, fanann sé faoi ċeilt mar leon ina uaiṁ: go gcreaċa sé an duine boċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 10:9
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Anuáir luiġid síad iona núaṁuiḃ, fanaid annsa scáṫ ċum ḃeiṫ a luiġeaċán?


Oír seasfuiḋ sé ar láiṁ ḋeis a nuireasḃuiġ, dá ṡáoraḋ úaṫasan noċ do ḋaimneoċaḋ a anam.


Ar son sáruiġṫe na mboċd, ar son osnaḋaċ na neasḃaḋaċ, anois éireoċa mé, (a duḃairt an TIĠEARNA); cuirfé mé eision a neaṁbaoġal ón té do ċuirfeaḋ a ngaiste é.


Dfoluiġeadar na huáiḃriġ an paintéar am ċoinne, agus corduiġe; do ṡíneadar líon ré taoḃ na slíġeaḋ: do ċuireadar innle am ċoinne. Selah.


Aṁuil leoṁan noċ ata geanaċ ċum a ċreiċe, agus mar leoṁan óg ag forċoiṁéad a nionaduiḃ díaṁara.


Déaruid mo ċnáṁa uile, O a ṪIĠEARNA, cia is cosṁuil leaċdsa, noċ ṡáorus an boċd ó nduine atá ainneartṁar na aġaiḋ, agus an boċt agus an teasḃuiḋeaċ ón té ṁillios é?


Do ṫairngeadar na droċḋaóine an cloiḋeaṁ, agus do réiġiodar a mboġa, do ṫeilgean na mbuaiḋearṫa agus an mboċd síos, agus do ṁarḃaḋ na ndíreaċ san tsliġe.


Oír, ċeana, atáid ag luiġeaċán air manam: cruinniġid na cuṁaċtaiġ a naóinḟeaċd am aġaiḋ; ní ar son mo ṡáruiġṫe, ní air son mo ṗeacaiḋ, a ṪIĠEARNA.


An té ṡáruiġios an boċt masluiġiḋ sé a Ċruṫaiġṫeoir: an té onoruiġios é bí trócaire ann don ḃoċt.


An té ṡáruiġios an boċt do ṁéaduġaḋ a ṡáiḋḃriosa féin, agus an té do ḃeir don tsáiḋḃir, tiucfuiḋ sé go deiṁin ċum ríaċdanuis.


Aṁuil ḃíos leoṁan cuṫaiġ, agus maṫġaṁuin luáimneaċ; marsin ḃíos an droċúaċtaran ós cionn na ndaóine mboċt.


Cred é ḃur ccíall as a mbrúiġtiġe mó ḋaóine na bpíosuiḃ, agus as a meiltíġe aiġṫe na mboċt? ar sa TIĠEARNA Día na slóġ?


Is olc fós soiṫiġiḋ an tsantuiġ: tionscnuiḋ sé droiċṫionnscanta do scrios an ḃoiċd le bríaṫraiḃ bréagaċa, eaḋon a nuáir laḃras an teasḃuiḋeaċ go ceart.


Oír do ġeaḃṫar a measg mo ṗobail droċḋaóine: cuirid luiḋeaċ án, aṁuil an té ċuirios lionta; cuirid dul, gaḃuid síad daóine.


Do ḃí sé ḋaṁsa aṁuil beiṫir a luiḋeaċán, agus aṁuil leoṁan a náitiḃ uáigneaċa.


Do ġnáṫuiġeadar daóine na tíre éaccóir, agus do ċleaċtadar slad, agus do ċráiḋeadar an boċt agus an ríaċtanaċ: do ḃrúiġeadar fós, an táonránaċ go héaccóir.


An mbúirfiḋ an leoṁan annsa ḃforaois, a nuáir naċ ḃfaġann fíaḋaċ ar bioṫ? a néiġfe an leoṁan óg as a úaiṁ, munar ġlac sé ní ar bioṫ?


Dimṫiġ an deaġḋuine seaċad as an ttalaṁ, agus ní ḃfuil áon ionruic a measg na ndaóine: luiġid uile a luiġeaċán air ḟuil; do níḋ gaċ uile ḋuine fíaḋaċ air a ḋearḃraṫair le líon.


Tógḃuid íad uile súas leis an nduḃán, gaḃuid íad iona líon, agus cruinniġid íad iona líon tairngṫe: uimesin gáirdiġid agus bíd lúaṫġaireaċ.


Do ḃuáil tú ṫríd amaċ lé na ṁaideaḋuiḃ ceann na mbailteaḋ: ṫangadar amaċ mar ġáoiṫ ġuairdeáin dom scainreaḋsa: buḋ é a ngairdeaċas an boċt do ṡlugaḋ go seicréideaċ.


Guṫ núallfartuiġ na náoḋaireaḋ; oír do milleaḋ a nglóir: guṫ buile na leoṁan óg; óir do milleaḋ úaḃar Iordan.


Aċd an túarsdaluiġ, agus an té naċ ḃfuil na áoḋaire, agus naċ leis féin na cáoiriġ, do ċí sé an mactíre ag teaċd, agus fáguiḋ sé na cáoiriġ, agus teiṫiḋ sé: agus fuáduiġe an mactíre na cáoiriġ, agus scabuiġe sé iád.


Uime sin na taḃuirsi áonta ḋóiḃ: oír atá ós cionn dá ḟiċead fear ḋíoḃ a luiġeaċán air noċ ṫug a mionna, naċ íosaidís agus naċ ióḃaidís nó go marḃaídís é: agus atáid síad ullaṁ a nois, ag feiṫeaṁ réd ġeallaḋsa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ