Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 10:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Suiġiḋ sé a nionaduiḃ foraire na mbailteaḋ: annsna hionaduiḃ diaṁaire dúnṁarḃuiḋ sé na neiṁċiontuiġ: atáid a ṡúile go foluiġṫeaċ na súiġe a naġaiḋ no mboċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

8 A ndioṁaireaċt na mbailtiḃ mbeag, Sior ṡuiḋean se ganḟios: Ta ṡúil air ḃoċduiḃ a’s ḟíréunuiḃ, A nuaigneas ḋluiġ da sgrios. Ta ṡuile niṁneaċ mar an cceudn’, Ro ġuineaḋ geur ann loċd, A dearcaḋ an a ndioṁaireaċd, Ċum sgrios an ḟiréin ḃoiċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

8 Suíonn sé i ḃfolaċ mar ġadaí i gcúil na sráideanna: agus dúnṁaraíonn an neaṁċiontaċ os íseal ina ċró ḟolaiṫe; bíonn sé ag faire na faille ar an mboċtán.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 10:8
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tuilleaṁ oile do ḋóirt Manasseh fuil neíṁċiontaċ go ro iomarcaċ, nó gur lion sé Ierusalem ón ċionn go ċéile; táoḃ amuiċ dá ṗeacaḋ lé ttug sé ar Iúdah peacuġaḋ, an déanaṁ an neiṫe fa holc a raḋarc an TIĠEARNA.


An fealltaċ ag éirġe leis an tsolus marḃuiḋ sé an boċt agus an tí air a mbíonn riaċdanus, agus ann sa noiḋċe bíḋ mar ġaduiḋ.


Do ṫimciolladar anois sinn ionar ccoiscéimiḃ: do ċuireadar a suile ag cromaḋ síos ċum na talṁan;


Marḃuid síad an ḃaintreaḃaċ agus an duine coigriċe, agus do níd feall air an ndílleaċda.


Ná cuir luiḋeaċán, a ḋroċ ḋuine, a naġaiḋ áitreiḃe a nfíréin; na creaċ a áit coṁnuiġe:


Aċt ní ḃfuilid do ṡúilesi nó do ċroiḋe aċd ar son do ṡainte féin, agus do ḋórtaḋ fola neiṁċiontuiġe, agus ċum sáruiġṫe, agus foiréigin, da ḋéanaṁ.


Do ḃuáil tú ṫríd amaċ lé na ṁaideaḋuiḃ ceann na mbailteaḋ: ṫangadar amaċ mar ġáoiṫ ġuairdeáin dom scainreaḋsa: buḋ é a ngairdeaċas an boċt do ṡlugaḋ go seicréideaċ.


Agus na ḋiaiġ so dórduiġ an Tiġearna mar an gcéadna deiṫneaḃar agus trí fiċid eile, agus do ċuir sé na ndís agus na ndís roiṁe féin iád dá gaċ uile ċaṫruiġ agus ionnad, ann a raíḃ a ṫeaċd féin.


Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ṡioḃuil seisean tré gaċ caṫair, agus gaċ baile, ag seanmóruġaḋ, agus ag siosgéuluġaḋ ríoġaċda Dé: agus an dá ḟear ḋég na ḟoċair,


Agus do ċuireadar muinntir Ṡeċem dáoine a luíġeaċán air ar ṁulluiġiḃ na slíaḃ, agus do ṡladadar a ttáinic láiṁ riu san tsliġe: agus do hinnseaḋ sin do Abimeleċ.


Agus a duḃairt an ríġ re Doeg, Fillse, agus tiomáin ar na sagartaiḃ. Agus dfill Doeg an Tédomiteaċ, agus do ṫiomáin ar na sagartaiḃ, agus do ṁarḃ sé an lásin cúigear agus ceiṫre fiċṫid fear air a raiḃ eṗod linéaduiġ.


Féaċaiḋ ar a naḋḃarsin, agus beiriḋ éolus ar na huile áitiḃ díaṁra mar a ḃfoluiġeann sé é féin, agus tigiḋ ċugamsa a rís le deiṁin, agus raċaiḋ mé liḃ: agus tiucfaiḋ a gcríċ, má ḃíonn sé annsa tír, go spíonfuíḋ misi amaċ é ar feaḋ uile ṁílteaḋ Iudah.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ