Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 1:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Is beannuiġ an fear naċ siuḃluiġionn a ccoṁairle na neiṁḋiaḋaċ, naċ seasann a sliġe na bpeacaċ, agus naċ suiġionn a suiġeaċán na ttárcuisneaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

1 ’S beannuiḋe an fear, naċ siuḃluiġionn fós A ccóṁárle na ndáoi, A sliġe ḟiar na bpeacaċ mbáoiṫ, ’Na ṡeasaṁ fós naċ mbí; A ccaṫáoir na ndáoineaḋ ttarcuisneaċ Ni mian leis suiḋe go bráṫ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

1 Is beannaiṫe an fear nár ṡiúil ar ċoṁairle luċt an oilc, agus nár ṡeas i slí na bpeacaċ: nár ṡuiġ i gcaṫaoir na dtarcaisneoirí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 1:1
52 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

O manum, ná tárrsa na secréid: O monóir na bí a naontuiġ ré na gcruinniuġaḋ; óir do ṁarḃadur duine ann a ḃfeirg, agus ann a nantoil féin do ṫoċladur síos balla.


Agus do ṡiuḃail Enoċ ré Día: agus ní raiḃ sé; óir rug Día leis é.


Agus tárla, aṁuil agus buḋ ní éattrom dósan siuḃal a bpeacaḋuiḃ Ieroboam ṁic Nébat, go ttug sé Iesebel inġean Etbaal ríġ ná Sidonianaċ na mnáoi, agus do imṫiġ agus do rinne serḃís do Ḃáal, agus do aḋuir sé ḋó.


Do ṡiuḃail sé mar an ccéadna a sliġṫiḃ ṫiġe Ahab: óir do bí a ṁaṫair a ċoṁairleaċ do ḋeanaṁ uilc.


An maiṫ ḋuit féin go mbrúiġfeá, go ttarcuisniġféa sáoṫar do láṁ, agus déalruġaḋ ar ċoṁairle na ccionntaċ?


Féuċ, ní ḃfuil a maiṫ féin ann a láiṁ: is fada coṁairle na ndroċḋáoine uáimse.


Má ṡiuḃail mé lé díoṁaóineas, nó má ḋeifriġ mo ċos ċum ceilge;


Oir bí fios sliġe na ḃfiréun ag an TTIĠEARNA: aċt raċaiḋ sliġe na neiṁḋíaḋaċ seaċad.


Is beannuiġe an drong noċ ċoiṁéadas breiṫeaṁnus, an tí do ní fíréuntas san nuile am.


Molaiḋ an TIĠEARNA. Is beannuiġe an duine air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA, agá ḃfuil dúil iona aiṫeantaiḃ go ro ṁór.


Imṫiġiḋ uáim, siḃsi a luċt déanta uilc: agus coiṁéadfad aiṫeanta mo Ḋé.


Is sona na daóine, atá annsa rioċdsa: as sona na daóine, ġa ḃfuil an TIĠEARNA na Ḋía aca.


Is beanuiġe an té aga ḃfuil Día Iácob mar ċaḃair, agá a ḃfuil a ḋóiġ annsa TIĠEARNA a Ḋía féin:


Coiṁéaduiġ an TIĠEARNA an duine coigcríċe; an dílleaċta agus an ḃaíntreaḃaċ tógḃaiḋ sé súas: aċt cuiriḋ sé sliġe an ċiontoiġ bun ós cionn.


Póguiḋ an Mac, deagla go mbíaḋ sé feargaċ, agus go raċaḋ siḃ a múġa san tsliġe, an tan lasfus a ḟearg ḋá laġad. Is beannuiġ an dream uile, noċ ċuirios a ndóiġ ann.


Atá mo ċos na seasaṁ a nionad ċoṁṫrom: annsna coiṁṫionóluiḃ beinneoċad an TIĠEARNA.


Blaisiḋ, agus féuċuiḋ gur maiṫ an TIĠEARNA: is beannuiġ an duine agá mbí a ḋóiġ ann.


Smuáiniġiḋ se díoṁáoineas air a leabuiḋ; suiġiḋ sé féin ar ṡliġe naċ maiṫ; ní ḋíultann an tolc.


Foluiġ mé air ċoṁairle ṡecréidiġ na ndroċdaóine; ó ċogar luċda oibriġṫe na hurċoide:


Agus do léigios dóiḃ imṫeaċd a míangus a ccroiḋe: do ṡioḃladar iona ccoṁairle féin.


A ṪIĠEARNA na slóġ, is beannuiġe an duine ċuirios a ḋóiġ ionnadsa.


A ṁic, ná siuḃailsi annsa tsliġe léo; congṁaiḋ air hais do ċos ó na ccasán:


Gá fad, a ḋaóine simpliḋe, ġráiḋeoċtaoi simpliḋeaċt? agus ḃías dúil ag na tarcuisneaċaiḃ iona ttarcuisne, agus fúaṫoċuid amadáin a neagna?


Do ḃeir tuicse ṁaiṫ faḃar: aċt atá sliġe na sáruiġṫeaċ cruáiḋ.


An té ṡiuḃluiġios le daóiniḃ críonna biáiḋ sé críonna: aċt scriosfuiġṫear compánaċ na namadán.


Atá breiṫeaṁnus ullaṁ fá ċoṁair na dtarcuísneaċ, agus scíursaḋa do ḋruim na namadán.


Dot ṡáoraḋ ó ṡliġe an droċḋuine, ón duine laḃras neiṫe éaigcneasta;


Go dearḃṫa tarcuisniġiḋ sé na tarcuisniġ: aċt do ḃeir sé grása do na huirísliḃ.


Atá sliġe na gciontaċ do nós an dorċadais: níor ḟeadadar cred ó ḃfuiġid tuisleaḋ.


Má ḃíonn tú críonna, biáiḋ tú críonna ḋuit féin: aċt má ṫarcuisniġionn tú, is tú féin aṁáin iomċoras é.


Níor ṡuiġ mé a noireaċtus an luċd magaiḋ, agus níor ġáirdiġ mé; do ṡuiḋ mé ar leiṫ do ḃríġ do láiṁese: óir do líon tú mé lé feirg.


Is beannuiġṫe an duine ḋóṫċusuiġios annsa TIĠEARNA, agus gur bé an TIĠEARNA a ṁuiniġinn.


Aċd a duḃairt mé re na ccloinn annsa ḃfásaċ, Ná siuḃluiġiḋsi a reaċtaiḃ ḃur naiṫreaḋ, agus ná cuṁduiġṫi a mbreiṫeaṁnuis, agus ná salċuiḋ siḃ féin le na nioḋaluiḃ:


Agus ar ḃfreagra Diósa an tráṫsin a duḃairt sé ris: As beannuiġṫe ṫú, a Ṡímoin ṁic Ióna: óir ní féoil ná fuil do ḟoillsiġ sin duit, aċd Maṫairsi a tá air neaṁ.


Agus a duḃairt seision, Aċd as beannaiġe an dream eisdeas briáṫar Dé, agus ċoiṁéudus é.


Naċ a áontaiġ ḋá gcoṁairle ná dá ngníoṁ súd; ó Arimatéa caṫair do ṫír Iúduiġe: agá raiḃ suil fós ré rioġaċd Dé.


Má ṫuigṫí na neiṫesi, bía siḃ beannaiġe má níṫí íad.


A duḃairt Iósa rís, Ar son go ḃfacaiḋ tú mé, A Ṫomáis, do ċreid tú: as beannaiġṫe na dáoine naċ ḃfacaiḋ, agus do ċreid.


Tré na ḃfúaramar mar an gcéadna sliġe trés an gcreideaṁ ċum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeaċás fá ṁuiníġin ġlóire Dé.


Uime sin glacuiḋ ċuguiḃ armáil Dé go huiliḋe, ċum go maḋ-féidir liḃ cur na naḋuiġ a ló an ríaċdanuis, agus seasaṁ ar gcríoċnuġaḋ, na nuile neiṫeann dáoiḃ.


Agus gaċ uile ḃeaṫaċ noċ roinneas an nionga, agus scoiltios an scoilteaḋ a ndá laḋuir, agus ċognas an ċír measg na nainṁinteaḋ, íostaói iadsin.


Sona atá tusa O a Israel: cía is cosṁuil leaċd, a ṗobal do tárṫuiġeaḋ leis an TTIĠEARNA, scíaṫ do ċunganta, noċ ar bé cloiḋioṁ hoirḋearcuis! agus do ġeaḃṫar do naiṁde na mbréaguiriḃ ḋuit; agus sailtéora tú ar a náitiḃ árda.


Oír is lór ḋúinn an ṁéid do ċuáiḋ ṫoruinn dár mbeaṫa do ċaiṫeaṁ réir ṫola na Gcineaḋaċ, ar mbeiṫ ḋúinn ag siúḃal a macnas, a nainṁíanuiḃ, a meisge, a gcráos, a bpótaireaċd agus a níoḋalaḋraḋ aindliġṫeaċ:


As beannuiġe an dream ċoiṁéudas a aiṫeanta, ionnus go mbíaḋ cumas ċrainn na beaṫa aca, agus cumas dul a steaċ trés na geataiḋiḃ don ċaṫruiġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ