Agus ar mbreaṫnuġaḋ an neiṫese ḋó, ṫáinic sé go tiġ Ṁuire maṫair Eóin, dar coṁainm Marcus; áit a raḃadar mórán cruinn a ḃfoċair a ċéile, agus ag déunaṁ úrnaiġe.
Agus ar nimṫeaċd do Ṗól agus don druing do ḃí na ḟoċair a luing ó Ṗáṗus, tangadar go Pérge na Pamṗília: Agus ar ndeuluġaḋ Deóin ríu, dfill sé go Hiarusalém.
Agus do ḃí an ċaṫuir uile ar na líonaḋ do ḃúaiḋreaḋ: agus do ṫiomáineadar déuntoil go háit ċruinniġṫe an ṗobail, agus rugadar ar Ġaíus agus ar Aristarcus, Macedónaiġ, coṁaisdriġe Ṗóil.
Agus ar ndul dúinn a luing do longaiḃ Adramitium, do ċuireamar roṁuinn, séolaḋ ré táoḃ ċósdaḋ na Hásia; agus do ṫógḃamar ar séolta, agus do ḃí Aristarcus Macedónaċ ó Ṫessalonica, ann ar gcuideaċda.
Aċd a dtaóiḃ Ṫítuis, a sé mo ċompánaċsa é agus mo ċoṁoibriġe ḃur dtáoḃsa: nó a dtáoḃ ar ndearḃráiṫreaċ, a síad teaċdáiriġe na neaglúiseaḋ íad, agus glóir Ċríosd.
Giḋeaḋ do ṁeas mé gur riaċdanaċ mo ḋearḃráṫair Epaṗroditus, do ċur ċuguiḃ, mo ċoṁoibriġe, agus mo ċoiṁḟior coguiḋ, agus ḃur dteaċdairese, agus an tí do ḟóir oram a nám mo riaċdanuis.
Agus sírim daṫċuinge ortsa, mar an gcéudna, a ċompanuiġ ċarṫanaiġ, cungnaṁ ris na mnáiḃ noċ do rinne díṫċioll maille riomsa sa tsoisgéul, agus fós maille ré Clemens, agus ris an gcuid eile dom luċd caḃarṫa, agá ḃfuilid a nanmanna a leaḃar na beaṫa.
Cuiriḋ Aristarċus mo ċóiṁṗríosúnaċ beaṫa agus sláinte ċuguiḃ, agus Marcus, bráṫair Ḃárnabais, agá ḃfúaraḃair áiṫeanta ḋá ṫáoḃ: má ṫig sé ċuguiḃ, gaḃuiḋ leis;