Agus do ċonnairc Israel a nobair ṁór sin do rinne an TIĠEARNA ar na Hégiptiḃ: agus do ḃi eagla an TIĠEARNA ar an bpobal, agus do ċreideadar an TIĠEARNA, agus a ṡerḃíseaċ Maóise.
Eiriġ, agus cruinniġ sinnsir Israel a ḃfoċair a ċeile, agus abair ríu: Do ḟoillsiġ an TIĠEARNA, Día ḃur naiṫreaḋ, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iacob, é fein daṁsa ag ráḋ, Ṫáinic mé go deiṁin dá ḃur ḃfiosrúġaḋ, agus do ċonnairc mé, an ní do rinneaḋ riḃ sa Négipt.
Annsa ló ar ṫóig mé súas mo láṁ ċuca, dá ttaḃairt as críċ na Hégipte go dúṫaiġ do ḃraiṫ mé ḋóiḃ, ag tuiliuġaḋ do ḃainne agus do ṁil, noċ asé glóir na nuile ḟearann:
Tug mé dom aire, go frioċnaṁaċ, áṁgar mó ṗóbail nóċ atá sa Néigipt, agus do ċúalaiḋ mé a nósnaḋaċ, agus do ṫuirrling mé dá ḃfúasgailt. Agus a nois tárrsa a leiṫ, cuirfe me don Eigipt ṫú.
Aċd do ḋéuna misi breiṫeaṁnus ar an gcineaḋ aga mbíaiḋ síad fá ḋáoirse, do ráiḋ Día: agus ná ḋíaiġ sin raċaid síad amaċ, agus do ḋéunuid seirḃís ḋaṁsa sa nionadsa.