Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 9:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus fúair tú a ċroiḋe fírinneaċ ad ḟiaġnuise, agus do rinne tú cunnraḋ ris, dúiṫċe na Ccanaaniteaċ, agus na Hittiteaċ, agus na Namoriteaċ, agus na Bperisiteaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Girgasiteaċ, do ṫaḃairt dá ṡíol, agus do ċoṁuill tú do ḃríaṫra; óir atá tú fíréanta:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 9:8
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó.


Agus do ċreid seision ann sa TIĠEARNA; agus do ṁeas sé sin dó na ḟiréuntaċd.


Agus a duḃairt sé, Ná beanaḋ do láṁ ris an leanaṁ, agus ná déun éinní ris: óir aiṫniġim a nóis go ḃfuil eagla Dé órt, ó nár ċonnuiṁ tú do ṁac, háonṁac aṁáin uáim.


Atá sliġe Dé iomlán; do dearḃaḋ bríaṫar an TIĠEARNA: atá sé na scéiṫ ag gaċ áon dá gcuirionn a ḋóiġ ann.


An Iebusiteaċ mar an gcéadna, agus an Tamoriteáċ, agus an Girgasiteaċ,


Eaḋon air an ccunnraḋ do rinne sé re Hábraham, agus air a ṁionnuiḃ do Isaac;


O a ṪIĠEARNA Día Israel, atá tú ceart: óir mairmidne fós íar ndul as, mar atá a niuġ: féuċ, a támaoid ad laṫair ann ar gciontuiḃ: óir ni ḟéadmaoid seasaṁ as do ċoinne dá ḃríġ so.


Aċt ċeana atá tusa ceart ann gaċ ní dá ttáinic oruinn; óir do rinne tú cóir, agus do rinneamairne go ciontaċ:


Is grásaṁuil an TIĠEARNA, agus is fíréunta; agus atá ar Ndíane lan do ṫruáiġe.


Agus a duḃairt mé, Béura mé súas siḃ as buaiḋreaḋ na Hégipte, go fearann na Gcanaaniteaċ, agus na Hitíteaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisiteaċ, agus na Niḃíteaċ, agus na Iebusíteaċ; go tír do ḃeir tuile ḃainne agus ṁeala.


Agus ṫáinic mé a nuas dá sáoraḋ as láṁuiḃ na Négiptaċ, agus dá mbreiṫ súas as an tír sin, go fearann maiṫ fairsing, go fearann do ḃeir tuile ḃainne agus ṁeala; go háit na Ccanaaniteaċ, agus na Hititeaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Hiḃiteaċ.


A ṁic an duine, laḃruiḋ an drong áitreaḃas na háite fasuiġsi ṫire Israel, ag ráḋ, Do ḃí Abraham na aónar, agus do ġaḃ sé oiġreaċt na dúiṫċe: aċt atámáoidne mórán; tugaḋ an tír ḋúinn mar oiġreaċt.


Aítreaḃuid na Hamelecitiġ annsa ḃfearann táoḃ ó ḋeas: agus na Hititiġ, agus na Iebusítiġ, agus na Hamorítiġ, áitreaḃas ar a tsliaḃ: águs na Canaanitiġ áitreḃas láiṁ ris an ḃfairge, agus láiṁ ré leiṫimeal Iordáin.


Ní duine Día, as á ndéanaḋ bréag; ní mó is mac duine é, as a ndéanaḋ sé aiṫreaċus: a nduḃairt sé, agus naċ béara ċum críċe é? no ar laḃair se, agus naċ bfedir a ċoiṁlionaḋ?


Agus ar na áṫruġaḋ súd ḋó, do ṫóg sé súas Dáiḃí na ríġ ḋóiḃ; dá ndearnaiḋ sé mar an gcédna fíaḋnuise, ag ráḋ, Fuáir mé Dáiḃí mac Iesse, na ḋuine do réir mo ċroiḋe féin, noċ do ḋéunaiġ mo ṫoil uile.


Agus raċa tú ċum an tsagairt ḃías ann ansna laéṫiḃ sin, agus déara tú rís, Adṁuiġim a niuġ dom ṪIĠEARNA Día go ttáinic mé don dúiṫċe do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dar naiṫriḃ do ṫaḃairt dúinn.


Seision an Ċarruicc, atáid a oibreaċa iomlan: óir is breiṫeaṁnus a ṡliġṫe uile: Día na fírinne agus gan égceart, ceart agus díreaċ atá sé.


Anuair do ḃéura an TIĠEARNA do Ḋía ṫú don tír a ḃfuil tú ag dul dá ṡealḃuġaḋ, agus ar tteilgean amaċ ṁóráin cineaḋaċ roṁad, na Hititiġ, agus na Girgasitiġ, agus na Hamorítiġ, agus na Cananítiġ, agus na Perisítiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ, seaċd gcíneaḋaċa ba ṁó ná siḃse agus ba cuṁaċduiġ;


Ní ar son ṫfiréantaċda, no direaċdas do ċroiḋe, ṫéid tú do ṡealḃuġaḋ a ḃfearuinn: aċd ar son ċionta na gcineaḋaċsa ċuirios an TIĠEARNA do Ḋía amaċ roṁad íad, agus ċor go gcoiṁlíonfaḋ an focal noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ, Abraham, Isaac, agus Iácob.


Ċum muiniġne na beaṫa marṫanuiġe, noċ do ġeall Día, ris naċ féidir bréug a ḋéunaṁ, suil do crúṫuiġeaḋ an dóṁan;


As tré ċreideaṁ, do ḟoráil Abraham Isaac, an tan do ḋearḃaḋ é: agus an tí fuáir na geallaṁnaċa do ḟoráil sé a néinġin,


Ionnas tré ḋá ní dóaṫarruiḋ, ann naċ féidir lé Día bréug do ḋeunaṁ, go mbeiṫ meanma láidir aguinne, ag rioṫ ċum greamuiġṫe don dóṫċas atá roṁuinn:


¶ Mar sin do ġaḃ Iosua an tír uile, do réir a nuile ní dar laḃair an TIĠEARNA re Maóise; agus ṫug Iosua mar oiġreaċd do Israel é do réir a ronna iona ttreaḃuiḃ. Agus do sguir an dúiṫċe do ċogaḋ.


Agus ċum an Ċananítiġ ṡoir agus ṡíar, agus ċum an Namorítiġ, agus ċum an Hititiġ, agus ċum an Ṗerisitiġ, agus ċum an Iebusítiġ annsna sléiḃtiḃ, agus ċum an Hiḃitiġ faói Hermon a ttír Mispeh.


Agus, féaċuiḋ, atáimsi a niuġ ag dul san tsliġe a ttéid an doṁan uile: agus atá a ḟios aguiḃsi an ḃur gcroiḋṫiḃ uile agus ann ḃur nanmuiḃ, naċ ar ḟailliġ mé éinní aṁáin do na huile néiṫíḃ maiṫ noċ do laḃair ḃur TTIĠEARNA Día da ḃur ttaoḃ; tangadar a ccríċ uile ḋaóiḃ, agus níor ṫeastuiġ éinní aṁáin díoḃ.


Agus tárla, a nuáir do ċúaladar na ríġṫe uile do ḃí don taóiḃsi do Iordan, air na sleḃtíḃ, agus air na gleantuiḃ, agus ar imliḃ na fairge móire uile ṫall as coinne Lebanon, na Hititiġ, agus na Hamoritiġ, agus na Cananítiġ, agus na Perissítiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ;


Dá nadṁam ar bpeacuiḋ, atá seision fírinneaċ agus ceart re ar bpeacuiġ do ṁaiṫeaṁ ḋúinn, agus ré ar nglanaḋ ó anuile neaṁḟiréuntaċd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ