Agus do ġlac Térah Abram a ṁac, agus Lot mac Hárain mac a ṁic, agus a ḃainċlíaṁuin Sárai, bean a ṁic Abram; agus do ċúadar amaċ leó ó Ur na Gcaldeanaċ, do ḋul go tír Ċanaáin; agus tangadar go Háran, agus daiṫreaḃuiġeadar ann sin.
Oír is aiṫniḋ ḋaṁsa é, go ttiuḃra aiṫne ḋá ċloinn, agus dá ṫeaġlaċ na ḋiaiġ, agus coiṁédfuid sliġe an TIĠEARNA do ḋéunaṁ ceirt agus breiṫeaṁnuis; ionnus go ttiuḃra an TIĠEARNA air Abraham an ní sin do laḃair dá ṫaoḃ.
Aṁáin do ḃí dúil ag an TTIĠEARNA ion ḃur naiṫriḃsi dá ngráḋuġaḋ, agus do ṫóg sé a slioċd na ndíaiġ, eaḋon siḃsi os cionn gaċ uile ṗobail, fá mar atá a niuġ.