Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 9:35 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Oír ní ḋéarnadar foġnaṁ ḋuit ann a rioġaċt, agus ar son do ṁaiṫeasa móire ṫug tú ḋóiḃ, agus a nfearuinn ḟairsing ṁéiṫ do ċuir tú as a ccuinne, níor ḟilleadar ó na ndroċoibreaċaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 9:35
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġaḃadar caiṫreaċa daingne, agus dúiṫċe ṁéiṫ, agus do ṡealḃuiġeadar tiġṫe lán don nuile ṁaóin, toibreaċa toċuilte, fíneaṁnaċa, agus luḃġoirt ola, agus croinn ṫoruiḋ go lór: iondus gur iṫeadar, agus gur líonaḋ íad, agus gur ḟásadar méiṫ, agus gur ṡólásuiġeadar íad féin ann do ṁaiṫeas mórsa.


Agus níor ċongṁadar ar ríġṫe, nó ar bprionnsaḋa, ar sagairt, nó ar naiṫre, do ḋliġeaḋ, agus níor uṁluiġeadar dot haiṫeantuiḃ nó dot ḟiaġnuisiġiḃ, ler ḟiaġnuiḋ tú na naġaiḋ.


¶ Cuiṁneoċa mé cinéul gráḋaċ an TIĠEARNA, agus molta an TIĠEARNA, do réir na nuile neiṫe dar ṫioḋluic an TIĠEARNA ḋúinn, agus a ṁaiṫeasa móire a ttaoḃ ṫiġe Israel, noċ do ḃronn sé ḋoiḃsion do réir a ġrás, agus do réir iomuid a ċinéul ngráḋaċ.


Agus tiucfa a ccríċ, an tan a naibeorṫaói, Cred fá ndéan an TIĠEARNA ar Ndía na neiṫesi rinn? ann sin freigeora tú íad; Aṁuil mar do ṫréigeaḃairsi misi, agus do ḟoġuaḃair do ḋéeiḃ coiṁiġṫeaċa ann ḃur ttalaṁ, is marsin ḟoiġeontaoi do ċoiṁṫiġeaċuiḃ a ndúṫuiġ naċ liḃ féin.


Agus dáṫruiġ sí mo ḃreiṫeaṁnus a núrċóid ní sa ṁó náid na cineaḋaċa, agus mo reaċta ní sa ṁó náid na tíorṫa atá na timċioll: óír do ḋíultadar mo ḃreiṫeaṁnuis agus mo reaċda, níor ṡiuḃluiġeadar ionnta.


Do ċionn naċ déarna tú serḃís dot ṪIĠEARNA Día lé gáirdeaċus, agus le luṫġáir ċroiḋe, ar son iomadaṁlas an nuile neiṫe.


Uime sin do ḋéana tú serḃís dot náṁuid noċ ċuirfios an TIĠEARNA ad aġuiḋ, a nocrus, a ttart, a dtárrnoċdaċd, agus a ríaċdanus gaċ uile neiṫe: agus cuirfe sé cuing iaruinn ar dó ṁuinéul, nó go scriosfa sé ṫú.


Agus tiucfa a gcríċ, a nuair ṫuitfios iomaḋ uilc agus ḃuáiḋriḋ orra, go mbéuruiḋ an dánsa fiaḋnuisi na naġaiḋ; óir ní ḋearmodṫar é as béuluiḃ a sleaċda: óir is aiṫniḋ ḋaṁsa a smuaintiġe ṫionnsgnuid síad, a nois féin, suil do ḃéara mé a steaċ íad don tír do ṁionnuiġ mé ḋóiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ