Go maḋ fada sin uaitsi a ḋéunaṁ marso, an fíréun do ṁarḃaḋ maille ris an cciontaċ: agus go mbiaiḋ an firéun mar an cciontaċ, go maḋ fada sin uaitsi: naċ déuna Breiṫeaṁ na talṁan uile ceart?
O a ṪIĠEARNA Día Israel, atá tú ceart: óir mairmidne fós íar ndul as, mar atá a niuġ: féuċ, a támaoid ad laṫair ann ar gciontuiḃ: óir ni ḟéadmaoid seasaṁ as do ċoinne dá ḃríġ so.
Agus níor ċongṁadar ar ríġṫe, nó ar bprionnsaḋa, ar sagairt, nó ar naiṫre, do ḋliġeaḋ, agus níor uṁluiġeadar dot haiṫeantuiḃ nó dot ḟiaġnuisiġiḃ, ler ḟiaġnuiḋ tú na naġaiḋ.
Agus fúair tú a ċroiḋe fírinneaċ ad ḟiaġnuise, agus do rinne tú cunnraḋ ris, dúiṫċe na Ccanaaniteaċ, agus na Hittiteaċ, agus na Namoriteaċ, agus na Bperisiteaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Girgasiteaċ, do ṫaḃairt dá ṡíol, agus do ċoṁuill tú do ḃríaṫra; óir atá tú fíréanta:
Is ceart atá tú, a ṪIĠEARNA, a nuáir ṫagruim riot: giḋeaḋ léig ḋaṁ laḃairt riot ar do ḃreiṫeaṁnusaiḃ: Créd fá mbeirionn sliġe na ndroċḋaóine biseaċ? cred fá ḃfuilid uile sona noċ do ní gráineaṁlaċt?
Do ḃríġ a nuilc do rinneadar dom ḃrostuġaḋ ċum feirge, an tionad a ndeaċadar do losgaḋ túise, agus dfoġnaṁ do ḋéeiḃ oile, naċ ar ḃaiṫne ḋóiḃ, ḋóiḃ féin, ḋiḃsi, ná dá ḃur naiṫriḃ.
¶ Atá an TIĠEARNA ceart; óir do ċaṫuiġ misi a naḋuiġ a aiṫeantaḋ: éistiġ, íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ṗobal uile, agus féuċuiḋ mo ḋóbrón: do ċúadar mo ṁaiġdiona agus mo ḋaóine óga a mbraiġdionus.
Agus biáiḋ a ḟios aguiḃ gur misi an TIĠEARNA: óir níor ṡiuḃluiġeaḃair ann mo reaċtaiḃ, ní mó do rinneaḃair mo ḃreiṫeaṁnuís, aċt do rinneaḃair do reir ḃéus ná ngeinteaḋ atá fa ccuáirt ḃur ttimċioll.