Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 9:31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Ṫairis sin ar son do ṫrócaire móire níor ḋíṫlaiṫriġ tú ṫríd a maċ íad, níor ṫréig tú íad; óir is Día grasaṁuil trócaireaċ ṫú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 9:31
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí an TIĠEARNA grásaṁuil dóiḃ, agus do ġaḃ truáiġe ḋóiḃ é, agus do ḃí meas aige orra, do ḃríġ a ċunnarṫa ré Abraham, ré Isaac, agus ré Iácob, agus níor ḃáill leis a sgrios uile, ná a tteilgion úaḋ as a laṫair fós.


Oír má ḟilltí a rís ċum an TIĠEARNA, do ġeaḃuid ḃur ndearḃráiṫre agus ḃur cclann trocaire á laṫair na muinntire rug a láiṁ íad, iondus go ttiucfaid a rís don tirsi: óir is grásaṁuil trócaireaċ ḃur TTIĠEARNA Día, agus ní iompoċuiḋ sé a aġaiḃ úaiḃ, má ḟilltí ċuige.


Agus do ḋíultadar uṁluġaḋ, agus ní raḃadar cuiṁneaċ ar na hionġantuiḃ do rinne tusa na measc; aċt do ċruáiḋeadar a muinéil, agus iona cceannairc do órduiġeadar caiptín ċum iompóġ dá ndaóirsine féin: aċt is Día ṫusa réiġ ċum maiṫṁeaċuis, grásaṁuil agus trócaireaċ, mall ċum feirge, agus lán do ċinéul, agus níor ṫréig tú íad.


Ṫairis sin tusa an hiomad trócuire níor ṫréig tú íad ansa ḃfásaċ: níor ḋealuiġ piléur an neóill ríu do ló, ḋa ttréoruġaḋ annsa tsliġe; nó piléur na teineaḋ san noiḋċe, do ṫaisbeanaḋ soluis dóiḃ, agus na sliġeaḋ ionar ċóir ḋóiḃ dul.


¶ Ar son manma ċuirfeas mé mfearg ar cáirde, agus ar son mo ṁolta ċuirfeas mé srían riom dot ṫáoḃsa, naċ géarrfuinn amaċ ṫú.


Oír is marso a duḃairt an TIĠEARNA, Biáiḋ an tír go huiliḋ áonranaċ; giḋeaḋ ní ḋéana mé críoċnuġaḋ iomlán.


¶ Imṫiġiḋ súas ar a ballaḋuiḃ, agus scriosuiḋ; aċt ná déanuiḋ crioċnuġaḋ iomlán: beanaiḋ a báirrdeaḃṫa ḋi; óir ní leis an TTIĠEARNA íad.


Ṫairis sin annsna láeṫiḃsin, a deir an TIĠEARNA, ní ḋéana mé críoċnuġaḋ iomlán riḃ.


¶ Is do ṫrócaire an TIĠEARNA naċ ḃfuilmíd aiḋṁillte, do ḃríġ naċ ḃfáilliġid a ġrása.


Re ar Ttiġearna DIA ḃeanas trócaire agus maiṫeaṁnus, bíoḋ gur ċaṫaiġeamairne na aġaiḋ;


(Oír an TIĠEARNA do Ḋía as Día grásaṁuil é); ní ṫréigfe sé ṫú, agus ní scriosfa sé ṫú, agus ní mó ḋearmadfaiḋ sé cunnraḋ haiṫreaḋ noċ do ṁionnuiġ sé ḋóiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ