Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 9:29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Agus do níṫeá fiaḋnuisi na naġaiḋ, iondus go ḃféadfa a ttaḃairt a ris fad ḋliġeaḋ: do rinneadar fós go huáiḃreaċ, agus níor éisteadar red aiṫeantuiḃse, aċt do ṗeacuiḋeadúr a naġaiḋ do ḃreiṫeaṁnusa, (noċ má ní duine, mairfiḋ sé ionta;) agus do ṫarruingeadar ċuca a nguaille, agus do cruáiḋiġeadar a muinéil, agus nior ḃáill leo éisdeaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 9:29
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Giḋeaḋ fós do rinne an TIĠEARNA fíaḋnuise a naġaiḋ Israel, agus a naġaiḋ Iúdah, tres na fáiġiḃ uile, agus treas an luċd faicsiona uile, ġa ráḋ, Filliḋsi ó ḃur ndroiċṡliġiḃ, agus coiṁéuduiġ maiṫeantasa agus mo reaċda, do réir a nuile ḋliġe dar áiṫin mé dá ḃur naiṫriḃ, agus noċ do ċuir mé ċugaiḃ lem ṡerḃísiġ na fáiḋe.


Giḋeaḋ níor ḃáill léo a ċluinsion, aċd do ċruáiḋeadar a muinéil, aṁuil muinéil a naiṫreaḋ, naċ ar ċreid ann a TTIĠEARNA Día.


Giḋeaḋ do ċuir seision fáiḋe ċuca, dá ttaḃairt air a nais ċum an TIĠEARNA; agus do ḟíaḋnuiġeadar na naġaiḋ: aċd ní ṫugadarsan aire ḋoiḃ.


¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Manasseh, agus re na ḋáoiniḃ: aċ níor ḃáill leo toraḋ do ṫaḃairt air.


Agus do ċuir an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ scéula ċuca re na ṫeaċtairiġiḃ, ag éirġe go moċ, agus agá ccur ar siuḃal; do ḃríġ go raiḃ trúaiġe aige dá ḋáoiniḃ, agus dá áit ċoṁnuiḋe:


¶ Annsua láeṫiḃ sin do ċonnairc mé ann Iúdah daóine ag brúġaḋ fíneaṁna annsa tsábbóid, agus ag taḃairt punnann a steaċ, agus ag cur úalaċ ar assaluiḃ; agus fíona mar an gcéadna, agus cáor, agus fígeaḋ, agus gaċ uile ṡórt úaluiġ dá ttugaidís go Hierusalem annsa tsábboid: agus dfíaḋnuiġ misi annsa ló ionar reacadar bíaḋ.


Agus do ṫaisbéin tú coṁarṫaḋa agus ionganta air Ṗarao, agus air a ṁuinntir uile, agus ar ḋaóiniḃ a ṫíre uile: óir do ḃí a ḟíos agad go ndéarnadar go húaiḃreaċ na naġuiḋ. Fúair tú marsin amm ḋuit féin, mar atá a níuġ.


Aċt do rinneadar féin agus ar naiṫrene go hanuáiḃreaċ, agus do ċrúaḋuiġeadar a muinéil, agus níor uṁluiġeadar dot aiṫeantuiḃse,


Ṫairis sin do ḃádar easúṁal, agus do ċaṫuiġeadar ad haġaiḋsi, agus do ṫeilgiodar do ḋliġeaḋ táoḃ ṡíar dá ndruim, agus do ṁarḃadar ṫfáiġe noċ do níoḋ fiaḋnuise na naġaiḋ dá bfilleaḋ ċugadsa, agus do oibriġeadar glúasaċta móra.


Giḋeaḋ diomċuir tusa léo ar feaḋ móráin blíaḋan, agus dfiaḋnuiġ tú na naġaiḋ led spiorad ann ṫfáiġiḃ: aċd nior éisteadar: uimesin ṫug tú íad a láiṁ ṁuinntire na duiṫċe.


Agus táinig Maóise agus Aáron a steaċ go Ṗárao, agus a duḃradar ris, Is mar so a deir an TIĠEARNA, Día na Neaḃruiġeaċ, Gá fad ḃias tú ag díultaḋ ṫú féin dúṁluġaḋ dom laṫairse? léig dom ṗobal imṫeaċd, go ndéanaid serḃís daṁ.


Aċt níor áontniġeadarsan, agus níor ċláonadar a cclúas, aċt do rinneadar a muinéil seasṁaċ, ċor naċ ccluinfidís, agus naċ géaḃaidís teagasc.


Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara mé ar an ccaṫruiġsi agus air a bailtiḃ uile a nuile olc dár ḟúagair mé na haġaiḋ, do ḃríġ gur ċrúaḋuiġeadar a múinéil, ċor naċ ccluinfidís mó ḃríaṫra.


¶ A dúḃairt an TIĠEARNA dá ḃur ttáoḃ, a ḟuiġioll Iúdah; Ná héirgiḋe don Negipt: bíoḋ a ḟios aguiḃ go deiṁin gur ċoṁairliġ misi siḃ a niuġ.


Annsin do láḃair Asariah ṁac Hosaiah, agus Iohanan ṁac Careah, agus na daóine uáiḃreaċa uile, ġa ráḋ re Ieremiah, Láḃraiḋ tú bréug: ní hé an TIĠEARNA ar Ndía do ċuir ṫú ḋa ráḋ, Ná héiriġ don Négipt do ċoṁnuiḋe annsin:


Níor húṁluiġeaḋ íad gus a niuġ, ní mó do úaṁnuiġeadar, nó do ṡiuḃluiġeadar ann mo ḋliġeaḋsa, nó ann mo statúidiḃ, do ċuir mé roṁuiḃ agus roiṁe ḃur naiṫriḃ.


Giḋeaḋ níor éisteadar riom, níor ċláonadar a cclúas, aċt do ċruaiḋeadar a muinéil: do rínneadar níos measa náid a naiṫre.


Agus ṫug mé mo reaċta ḋóiḃ, agus do ṫaisbéin mé mo ḃreiṫeaṁnuis dóiḃ, noċ má ní duine, mairfiḋ sé ionta.


Aċt an tan tógḃaḋ a ċroiḋe súas, agus do ċruáiḋ a inntin a núaḃar, do cuireaḋ as a ċaṫaóir ríoġa é, agus do ḃeanadar a ġlóir ḋe:


Uime sin do ġeárr mé íad léis na faiġiḃ; do ṁarḃ mé íad lé bríaṫruiḃ mo ḃéil: agus atáid do ḃreiṫeaṁnuis mar an solus ṫéid amaċ.


Coiṁéadfuiḋe ar a naḋḃarsin mo statúidiġ, agus mo ḃreiṫeaṁnuis: noċ má ní duine, mairfiḋ sé ionnta: misi an TIĠEARNA.


Agus a duḃairt seisean ris, Créd fá a ngóireann tu maiṫ ḋíomsa? ní ḃfuil éinneaċ maiṫ aċ aṁáin, Día: aċd mas mían leaċd dul ċum na beaṫa, eoiṁéd na haiṫeanta.


Agus a duḃairt seision ris, As díreaċ do ḟreagair tú: déanasa so, agus maírfiḋ tú.


Oír sgríoḃuiḋ Máoise ar an ḃfíreantaċd ṫig ón reaċd, Giḋ bé duine ḋéanus íad mairfiḋ sé tríoṫa.


Giḋeaḋ ní ón ċreideaṁ atá an reaċd: aċd, An tí ḋéunas íad mairfiḋ sé ṫrioṫaḋ.


Agus tiucfa a gcríċ, a nuair ṫuitfios iomaḋ uilc agus ḃuáiḋriḋ orra, go mbéuruiḋ an dánsa fiaḋnuisi na naġaiḋ; óir ní ḋearmodṫar é as béuluiḃ a sleaċda: óir is aiṫniḋ ḋaṁsa a smuaintiġe ṫionnsgnuid síad, a nois féin, suil do ḃéara mé a steaċ íad don tír do ṁionnuiġ mé ḋóiḃ.


Oír atá fios do ċeannairrge agumsa, agus do ċrúaḋṁuiníl: féaċuiḋ, an fad ataímsi fós am ḃeaṫuiḋ aguiḃ a niuġ, do ḃáḃair cogṫaċ a naġuiḋ an TIĠEARNA; agus gá ṁéid ní is mó ná sin déis mo ḃáis?


Goirimsi neaṁ agus taluṁ dfiaġnuisi ḃur naġuiḋ a niuġ, go sgriosfuíġear siḃ go haiṫġearr ṫríd amaċ as an ndúṫaiġ ann a ḃfuilti ag dul anonn tar Iordan ḋá ṡealḃuġaḋ; ní ḟaideoċṫéoi ḃur laéṫe uirre, aċd sgriosfuiġear siḃ go huiliḋe.


Agus a duḃairt mé riḃ, Is misi ḃur TTIĠEARNA Día; ná bioḋ eagla deé na Namoríteaċ oruiḃ, aga ḃtuiltí ḃur ccoṁnuiġe iona ndúiṫċe: aċ níor uṁluiġeaḃair dom ġlór.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ