Nehemia 9:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)26 Ṫairis sin do ḃádar easúṁal, agus do ċaṫuiġeadar ad haġaiḋsi, agus do ṫeilgiodar do ḋliġeaḋ táoḃ ṡíar dá ndruim, agus do ṁarḃadar ṫfáiġe noċ do níoḋ fiaḋnuise na naġaiḋ dá bfilleaḋ ċugadsa, agus do oibriġeadar glúasaċta móra. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus do níṫeá fiaḋnuisi na naġaiḋ, iondus go ḃféadfa a ttaḃairt a ris fad ḋliġeaḋ: do rinneadar fós go huáiḃreaċ, agus níor éisteadar red aiṫeantuiḃse, aċt do ṗeacuiḋeadúr a naġaiḋ do ḃreiṫeaṁnusa, (noċ má ní duine, mairfiḋ sé ionta;) agus do ṫarruingeadar ċuca a nguaille, agus do cruáiḋiġeadar a muinéil, agus nior ḃáill leo éisdeaċd.
Ṫairis sin do ċaṫuiġeadar an ċlann am aġaiḋ: níor ṡiuḃluiġeadar ann mo reaċduiḃ, ní mo do ċoiṁéadadar mo ḃreiṫeaṁnuis dá ndéanaṁ, noċ dá ndéarna duine, mairfiḋ sé ionta; do ṫruáilleadar mo ṡaóire: annsin a duḃairt mé, Go ndóirtfinn amaċ mo ḋioġaltas orra, do ċoiṁlíonaḋ mfeirge na naġaiḋ annsa ḃfásaċ.