Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 9:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Mar sin do ċúadar an ċlann a steaċ agus do ṡealḃuiġeadar an dúiṫċe, agus do ċlaóiḋ tusa ḋóiḃ áitreaḃuiġ na tíre, na Canaanitiġ, agus ṫug tú iona láṁuiḃ íad, maille re na ríġṫiḃ, agus re dáoiniḃ na tíre, go ndéindis ríu mar do ṫoigeóraidis féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 9:24
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Naċ ḃfuil ḃur TTIĠEARNA Día maille riḃ? agus naċ ttug sé suáiṁneas daóiḃ ar gaċ táoḃ? oír ṫug sé dúṫċusaiġ na tíre am láiṁse; agus do gaḃaḋ an dúiṫċe a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair an ṗobail.


Marso do ḃuáileadar na Iúduiġe a naiṁde uile le buille an ċloiḋiṁ, agus le hár, agus le scrios, agus do rinneadar mar buḋ toil léo ris an luċd do ḟúaṫuiġ íad.


Aċ ḃur náoiḋin, a duḃraḃair do ḃeiṫ na gcreíċ, béara mé íad sin a steaċ, agus aiṫeonuid síad an fearann noċ do ṫarcuisníġeaḃairsi.


Agus teaċd ar a nais, ó ḋul an díaḃail, agá ḃfuilid gaḃṫa mar is áill leis féin.


¶ Mar sin do ḃuáil Iosua tír na slíaḃ, agus an taoiḃ ó ḋeas, agus na gleánnta, agus na sruṫ, agus a ríġṫe uile: níor ḟág neaċ béo ḋíoḃ, aċ do scrios sé uile an ṁéid iona raiḃ anáil, mar do aiṫin an TIĠEARNA Día Israel.


¶ Mar sin do ġaḃ Iosua an tír uile, do réir a nuile ní dar laḃair an TIĠEARNA re Maóise; agus ṫug Iosua mar oiġreaċd do Israel é do réir a ronna iona ttreaḃuiḃ. Agus do sguir an dúiṫċe do ċogaḋ.


Ríġ Ṫirsah, áon; na ríġṫe uile, tríoċad agus áon.


Agus do ċruinniġ coṁċruinniuġaḋ iomlán ċloinne Israel a ḃfocair a ċéile a Sílo, agus do ċuireadur súas tabernacuil an ċoṁċruinniġ ann sin. Agus do claóiḋeaḋ an dúiṫċe rompa.


¶ Agus ṫug an TIĠEARNA do Israel an dúiṫċe uile noċ do ṁionnuiġ sé do ṫaḃairt dá naiṫriḃ; agus do ṡealḃuiġeadar í, agus do aitreaḃadar inte.


Níor ṫeasduiġ éinní maiṫ ar biṫ dar laḃair an TIĠEARNA re tiġ Israel; ṫáinig se uile a gcríċ.


¶ Mar sin do ċlaoiḋ Día an lá sin Iabin ríġ Cánaan roiṁe ċloinne Israel.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ