Giḋeaḋ diomċuir tusa léo ar feaḋ móráin blíaḋan, agus dfiaḋnuiġ tú na naġaiḋ led spiorad ann ṫfáiġiḃ: aċd nior éisteadar: uimesin ṫug tú íad a láiṁ ṁuinntire na duiṫċe.
Agus a nuáir do ċonncadar clann Israel é, do ráiḋeadar an duine re a ċéile is Manna é: óir ni raiḃ a ḟios aca créad é. Agus a duḃairt Maóise ríu, Ag so tarán ṫug an TIĠEARNA ḋaóiḃ ré iṫé.
An sin duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Féuċ, fearfa misi aran ó neaṁ ḋáoiḃ, agus raċuid na dáoine amaċ agus cruinneoċuid suim áiriġe gaċ lá, go ndearḃa mé íad, an siuḃoluid ann mo ḋliġeaḋ, nó naċ déanúid.
Agus do ḃí tart uisge ar an bpobal; agus do rinneadar an pobal iṫiomraḋ a naġuiḋ Ṁaóisi, agus a duḃradar, Cred fá ttug tú leaċd sinn súas as a Négipt dar marḃaḋ, agus do ṁarḃaḋ ar gcloinne, agus ar náirnéisi le tart?
Féuċ, seasfa misi, roṁad ann sin ar an gcarruig ann Hóreb; agus buáilfe tusa an ċarrag, agus tiucfaiḋ uisge amaċ aiste, da niḃiḋ an pobal: agus do rinne Maóise sin a laṫair ṡinnsear Israel.
Agus ní raiḃ tart orra a nuáir ṫug sé ṫríd na dioṫraṁuiḃ íad: ṫug sé fa deara do na huisgeaḋuiḃ tuiliuġaḋ ḋóiḃ amaċ as an ccarruic: do scoilt sé an carruic mar an ccéadna, agus do scinneadar na huisgeaḋa amaċ.
Ní ḃiáid ocraċ ná tartṁar; ní mo ġoirteoċus an teasḃaċ nó an ġrían íad: óir tréoroċuiḋ an té agá ḃfuil truáiġe ḋóiḃ íad, eaḋon láiṁ ris na tiobruiḃ fíoruisge ḃéaras sé éolus dóiḃ.
Agus tiucfa misi a nuas agus laḃeóra me riot annsin: agus beanfa mé don spioraid atá ortsa, agus cuirfe mé orrasan é; agus iomċóruid siad úalaċ na ndáoine leaċtsa, íonnus naċ niomċoruiḋ tusa leaċd féin é.
Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ría, Da mbeiṫ fios tioḋluice Dé agad, agus cía hé an té a deir riot, Taḃair ḋaṁ deoċ; do iárrfása air, agus do ḃéuraḋ se uisge béo ḋuit.
Aċd giḋ bé neaċ íḃeas as an uisge do ḃéura misi ḋó ní ḃía tart air go bráṫ; aċd an tuisge do ḃéara me ḋó bíaiḋ sé na ṫobar uisge ḟiuċaiġ ann ċum na beaṫa marrṫannuiġe.
Agus íarruim daṫċuinġe oraiḃ, a ḋearḃraiṫreaċa, tré ar Dtiġearna Iósa Críosd, agus ar son ġráḋa na Spioraide, ḃur ndiṫċeall do ḋéunaṁ, ma ráon riom a nurnaiġiḃ ċum Dé ar mo ṡon;
¶ Agus do sguir an manna ar na ṁáraċ ar iṫeadar seanarḃar na tíre; agus ní raiḃ manna ní is mó ag cloinn Israel; aċ diṫeadar do ṫoraḋ ṫíre Cánaain an ḃlíaḋuin sin.