Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 9:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus do ḋíultadar uṁluġaḋ, agus ní raḃadar cuiṁneaċ ar na hionġantuiḃ do rinne tusa na measc; aċt do ċruáiḋeadar a muinéil, agus iona cceannairc do órduiġeadar caiptín ċum iompóġ dá ndaóirsine féin: aċt is Día ṫusa réiġ ċum maiṫṁeaċuis, grásaṁuil agus trócaireaċ, mall ċum feirge, agus lán do ċinéul, agus níor ṫréig tú íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 9:17
43 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus biaiḋ mé am ċoṁnuiḋe a measg ċloinne Israel, agus ní ṫréigfe mé mo ṗobal Israel.


Go raiḃ an TIĠEARNA ar Ndía línn, aṁuil do ḃí sé le ar naiṫriḃ: ná fagḃaḋ agus ná tréigioḋ sé sinn:


Agus do rinne sé fós ceannairg a naġaiḋ Nebuċadnessar, noċ do ḃean Día mar ṁionnuiḃ ḋe: aċt do ríġniḋ sesion a ṁuinéul, agus do ċruaḋuiġ sé a ċroiḋe ó iompóġ ċum an TIĠEARNA Día Israel.


Oír do ḃámairne ar ndáoirsineaċaiḃ; giḋeaḋ níor ṫréig ar Ndía sinn ann ar ndaoirsine, aċt do ṫaisbein sé trócaire ḋúinn a raḋarc ríoġ na Persia, do ṫaḃairt aiṫḃeoġuḋ eruinn, do ċur ṫiġe ar Ndé súas, do leasuġaḋ a ḟásuiġ, agus do ṫaḃairt balla ḋúinn ann Iúdah agus ann Ierusalem.


Ṫairis sin ar son do ṫrócaire móire níor ḋíṫlaiṫriġ tú ṫríd a maċ íad, níor ṫréig tú íad; óir is Día grasaṁuil trócaireaċ ṫú.


Do ḋearmadar go doiṫ a oibreaċa; níor ḟanadar le na ċoṁairle:


Níor ṫuigeadar ar naiṫre do ṁíorḃuilesi san Négipt; níor ċuiṁníġeadar iomad do ṫrócaireaḋa; aċt do ċeannairgeadar ag an muir, ag an muir Ruáiḋ.


Aċt is agadsa atá maiṫṁeaċus, ionnus go mbiáiḋ eagla roṁad.


Níor ċongṁadar connraḋ Dé, agus do ḋiúltadar imṫeaċt iona ḋliġeaḋ;


Agus do ḋearmadar a oibreaċa, agus a ionganta noċ dfoillsiġ sé ḋóiḃ.


Ṫairis sin, mar do ḃí sé trócaireaċ, do ṁaiṫ a ccionta, agus níor sgrios íad: agus dfill sé go minic a ḟearg tar a hais, agus níor ṁúscail sé a ḋiḃḟearg uile.


Aċt atá tusa, a ṪIĠEARNA, Día trócaireaċ, grásaṁuil, ag fulang a ḃfad, agus lán do ṫrócaire agus dfírinne.


Oír tusa, a ṪIĠEARNA, atáoi maiṫ agus maiṫfeaċ; agus ro ṫrócaireaċ don luċd ġairios ort.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Do ċonnairc mé an pobalsa, agus, féuċ, is dáoine cruaḋṁuiníl íad.


Do ḃríġ gur ġoir mé, agus gur ḋíultaḃairsi; gur ṡín mé mo láṁ amaċ, agus naċ ttug áon duine aire;


Do ḃríġ gur ḋearmuid mo ṗobal mé, do loisgeadar túis lé díoṁaóineas, agus ṫugadar orra tuisleaḋ iona sliġṫiḃ as na seanċasánuiḃ, do ṡiúḃal a ccasánuiḃ, sliġeaḋ nar teilgeaḋ súas;


Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara mé ar an ccaṫruiġsi agus air a bailtiḃ uile a nuile olc dár ḟúagair mé na haġaiḋ, do ḃríġ gur ċrúaḋuiġeadar a múinéil, ċor naċ ccluinfidís mó ḃríaṫra.


Giḋeaḋ níor éisteadar riom, níor ċláonadar a cclúas, aċt do ċruaiḋeadar a muinéil: do rínneadar níos measa náid a naiṫre.


Agus dáṫruiġ sí mo ḃreiṫeaṁnus a núrċóid ní sa ṁó náid na cineaḋaċa, agus mo reaċta ní sa ṁó náid na tíorṫa atá na timċioll: óír do ḋíultadar mo ḃreiṫeaṁnuis agus mo reaċda, níor ṡiuḃluiġeadar ionnta.


Re ar Ttiġearna DIA ḃeanas trócaire agus maiṫeaṁnus, bíoḋ gur ċaṫaiġeamairne na aġaiḋ;


Agus réabuiḋ ḃur ccroiḋṫe, agus narab íad ḃur néuduiġe, agus filliḋ ċum an TIĠEARNA ḃur Ndía: óir atá sé grásaṁuil agus trócaireaċ, mall ċum feirge, agus lán do ċíneul, agus atá aiṫreaċus air um a nolc.


Giḋeaḋ fós ar a ṡon sin, a nuáir ḃéid síad a ttír a náṁad, ní ṫeilgfe mé seaċad íad, agus ní mó ḟuaṫoċus mé íad, dá scrios ṫríd amaċ uile, agus do ḃriseaḋ mo ċunnarṫa ríu: oir is misi an TIĠEARNA a Ndía.


Atá TIĠEARNA mall ċum feirge, agus mór a ccuṁaċdaiḃ, agus ní ṡáorfa sé ar aonċor an droċ ḋuine: atá a ṡliġe aig an TTIĠEARNA annsa ġaóiṫ ġuáirdeáin agus annsa stoirim, agus a síad na néulla lúáiṫreaḋ a ċos.


¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Gá fad ḃías an pobalso ag cur feirge oram? agus gá fad naċ ccreidfid mé ar son na nuile coṁarṫaḋa do ṫaisbean mé eatorra?


Agus a duḃairt Maóise, Créd a nois fá sáruiġṫiġ aiṫne an TIĠEARNA? aċ ní ḃíá maiṫ ḋíḃ ann.


Tuilléaṁ fós ní ṫug tú sinn go tír líonus do ḃainne agus do ṁil, agus ní mó ṫug tú oiġreaċd fearuinn nó fíneaṁna ḋúinn: an gcuirfe tú súile na ndáoine amaċ? ní raċuimne súas.


Dá nár ḃáill ré ar naiṫríḃne úṁlaċd do ṫaḃairt, aċd do ḋíultadar é, agus dfilleadar ann a gcróiḋṫiḃ tar a nais don Eigipt,


Oír a deir sé ré Máoise, Do ḋéana mé trócaire ar an té ar a ndéuna mé trócaire, agus do ḋéuna mé truaiḋe don té ḋá ndéunuiḋ mé truáíḋe.


Taḃruiḋ dá ḃur naire gan éura do ṫaḃairt don tí láḃras riḃ. Oir muna deaċuiġ an dream úd as tug díultaḋ don tí laḃair ríu as uċd Dé ar an dtalaṁ, a né naċ lúġa ná sin raċmaóidne as, dá ndíultam don tí atá ó neaṁ?


Oír ní ṫréigfiḋ an TIĠEARNA a ṗobal féin air son a anma ṁóir: do ċionn gur ḃí toil an TIĠEARNA a ṗobal féin do ḋéanaṁ ḋíḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ