Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 9:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus ṫug tú ḋóiḃ arán ó neaṁ iona nocarus, agus ṫug tú uisge amaċ ċuca as an ccarruic ċum a ttarta, agus do ġeall tú ḋóiḃ go raċaidís a steaċ a seilḃ na tíre noċ do ṁionnuiġ tú do ḃéarṫá ḋóiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 9:15
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Abram ré riġ Ṡodom, Do ṫóg mé súas mo láṁ ċum an TIĠEARNA, an Día as ro áirde séalḃuiġe neiṁe agus talṁan.


Ṫug tú mar an ccéadna do spiorad maiṫ ċum a tteagaisc, agus níor ċonnuiṁ tú do ṁanna ó na mbéul, agus ṫug tú uisge ḋóiḃ ċum a ttarta.


Noċ iompoiġeas an ċarrac a lóċán uisge, an ċloiċṫeine a ttiobraid uisgeaḋ.


An sin duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Féuċ, fearfa misi aran ó neaṁ ḋáoiḃ, agus raċuid na dáoine amaċ agus cruinneoċuid suim áiriġe gaċ lá, go ndearḃa mé íad, an siuḃoluid ann mo ḋliġeaḋ, nó naċ déanúid.


Agus do ḃí tart uisge ar an bpobal; agus do rinneadar an pobal iṫiomraḋ a naġuiḋ Ṁaóisi, agus a duḃradar, Cred fá ttug tú leaċd sinn súas as a Négipt dar marḃaḋ, agus do ṁarḃaḋ ar gcloinne, agus ar náirnéisi le tart?


Féuċ, seasfa misi, roṁad ann sin ar an gcarruig ann Hóreb; agus buáilfe tusa an ċarrag, agus tiucfaiḋ uisge amaċ aiste, da niḃiḋ an pobal: agus do rinne Maóise sin a laṫair ṡinnsear Israel.


Agus béura mé asteaċ siḃ san tír, lé ttug mé mionna go ttiuḃruinn í do Abraham, do Isaac, agus do Iácob; agus do ḃéur ḋaóiḃsi í mar oiġreaċd: is misi an TIĠEARNA.


Agus ní raiḃ tart orra a nuáir ṫug sé ṫríd na dioṫraṁuiḃ íad: ṫug sé fa deara do na huisgeaḋuiḃ tuiliuġaḋ ḋóiḃ amaċ as an ccarruic: do scoilt sé an carruic mar an ccéadna, agus do scinneadar na huisgeaḋa amaċ.


Agus ṫangadar ann, agus do ṡealḃuiġeadar é; aċd níor úṁluiġeadar dot ġúṫsa, ní mó do ṡiuḃluiġeadar ann do ḋliġeaḋ; ní ḋéarnadar aoinní do nuile ni dar aiṫin tú ḋíoḃ do ḋéanaṁ: uimesin ṫug tú fa deara an tolcsa uile do ṫeaċt orra:


Aċt fós do ṫóig mé súas mo láṁ ḋóiḃ annsa ḃfásaċ, go naċ ttugainn íad don tír ṫug mé ḋóiḃ, ag tuiliuġaḋ do ḃainne agus do ṁil, noċ isé glóir na nuile ḟearann;


Gan ċunntaḃairt ní ṫiucfuiḋe don tír a steaċ, a ttáoiḃ ar ṁionna mé go náitreoċaḋ siḃ innte, aċd aṁain Cáleb ṁac Ieṗunneh, agus Iosua ṁac Nun.


Féuċ, do ċuir an TIĠEARNA ar Ndía an dúṫaiġ roṁuiḃ: éirġiḋ agus sealḃuiġiḋ í mar a duḃairt an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ; ná himeagluiḋiġ, agus na bíoḋ míṁeisneaċ oruiḃ.


Feaċuiḋ, do ċuir mé an taluṁ as ḃar gcoinne: éirġiḋ a steaċ agus sealḃuíġiḋ an fearann do ḋearḃ an TIĠEARNA dá ḃur naiṫriḃ, Abraham, Isaac, agus Iácob, do ṫaḃairt doiḃ agus dá slioċd na ndiáiġ.


Agus do uṁluiġ sé ṫú, agus do léig ocrus ort, agus do ṡásuiġ sé ṫú lé manna, noċ nár ḃfeas duitse, nó dod aiṫriḃ; ċor go ttiuḃraḋ ort a ḟios do ḃeiṫ agad naċ lé harán aṁáin ḃeaṫuiġear an duine, aċ lé gaċ ní dá ttig as béul an TIĠEARNA ḃíos an duine béo.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ