Agus a duḃairt sé riú, Se so ann ní a duḃairt an TIĠEARNA, A máraċ atá suáiṁneas na sáoire náoṁṫa don TIĠEARNA: fuiniġ a niúġ an ṁeid bfuinfiġe, agus bruiṫiġ an ṁéid ḃruiṫfiḋe: agus an ṁéid ḃias ós a ċionn, cuiriḋ súas diḃ féin dá ċuṁdaċ go maidin é.
Féuċ, ar a ṡon so tug an TIĠEARNA an tsábóid ḋáoiḃ, uime sin do ḃeir sé ḋáoiḃ air an seiseaḋ lá arán ḋa lá: fanaḋ gaċ áon aguiḃ na áit, ná héirgeaḋ einneaċ aguiḃ amaċ as a áite air an seaċdṁaḋ lá.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Tárr ċugamsa suas ar a tslíaḃ, agus bí ann sin: agus do ḃéura misi claír ċloiċe ḋuit, agus dliġeaḋ, agus aiṫeanta do scrioḃ mé: ionnus go múinfe tusa ḋóiḃ iád.
Féuċaiḋ, do ṁúin mé ḋáoiḃ reaċda agus breiṫeaṁnuis, do réir mar do aíṫin an TIĠEARNA mo Ḋía ḋíom, ionnus go ndéuntáoisi sin annsa tír a ḃfuiltí ag dul dá sealḃuġaḋ.
Aċd ar do ṡonsa, seas am ḟoċairsi annso, agus laiḃeóra mé riot na haiṫeanta uile, agus na statúide, agus na breiṫeaṁnuis, noċ do ṫeagóscus tú ḋóiḃ, ċor gó ndéanuid iad, annsa dúṫaiġ do ḃéara misi ḋóiḃ re na sealḃuġaḋ.