Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 9:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus do ṫaisbéin tú coṁarṫaḋa agus ionganta air Ṗarao, agus air a ṁuinntir uile, agus ar ḋaóiniḃ a ṫíre uile: óir do ḃí a ḟíos agad go ndéarnadar go húaiḃreaċ na naġuiḋ. Fúair tú marsin amm ḋuit féin, mar atá a níuġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 9:10
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt do rinneadar féin agus ar naiṫrene go hanuáiḃreaċ, agus do ċrúaḋuiġeadar a muinéil, agus níor uṁluiġeadar dot aiṫeantuiḃse,


Agus do níṫeá fiaḋnuisi na naġaiḋ, iondus go ḃféadfa a ttaḃairt a ris fad ḋliġeaḋ: do rinneadar fós go huáiḃreaċ, agus níor éisteadar red aiṫeantuiḃse, aċt do ṗeacuiḋeadúr a naġaiḋ do ḃreiṫeaṁnusa, (noċ má ní duine, mairfiḋ sé ionta;) agus do ṫarruingeadar ċuca a nguaille, agus do cruáiḋiġeadar a muinéil, agus nior ḃáill leo éisdeaċd.


Ċor go mbia a ḟios aca gur tusa aṁáin, dárab ainm IEHOḂAH, is ro áirde ós cionn na talṁan uile.


Annois aiṫniġim gur mó an TIĠEARNA ná a nuile ḋée: óir ann sa ní ann ar ḃeanadarsan go huáiḃreaċ do ḃí sé ós a ccionn.


Agus sínfe misi mo laṁ amaċ, agus buáilfe mé a Négipt leam uile iongántuiḃ, noċ do ḋéana mé ann a lár, agus na ḋiáiġ sin léigfiḋ sé ḋaóíḃ imṫeaċd.


Agus a duḃairt Ṗárao, Cía hé an TIĠEARNA da nuṁloċuinnsi ḋá ġlór, as a léigfinn Israel dimṫeaċd? ni haiṫnid daṁsa an TIĠEARNA sin agus ní mó léigfeas mé Israel dimṫeaċd.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóisi, Féuċ, do rinne mé Día ḋíot do Ṗárao: agus biáiḋ do ḋearḃraṫair Aáron na ḟáiḋ agad.


Agus go deiṁin is uime so do ṫóg mé ṫusa súas, ionnus go ttáisbeanfuinn ionnadsa mo ċuṁaċda; agus go ḃfoillseoċuiḋ mainm ar feaḋ an doṁuin uile.


Ag faicsin ṁóráin neiṫe, aċt ní ṫaḃair tú dot aire; ag fosclaḋ na cclúas, aċd ní ċluin sé.


Noċ do ṫréoruiġ íad tre ḋeisláiṁ Ṁaóise lé na ríġ ġlórṁair, ag roinn na nuisgeaḋ rompa, do ḋéanaṁ a anma suṫain dó féin?


Aṁuil téid beiṫeaċ síos annsa ġleann, ṫug Spiorad an TIĠEARNA air coṁnuiġ do ḋéanaṁ: is marsin do ṫréoruiġ tusa do ṗobal, do ḋéanaṁ anma glórṁuir ḋuit féin.


Noċ do ṡuiġiḋ coṁarṫaḋa, agus ionganta a ccríċ na Hégipte, gus a niuġ, agus a Nisrael, agus a measc ḋaóine oile; agus do rinne ainm ḋuit féin, mar atá a niuġ;


Aċt doibriġ misi ar son manma féin, iondus naċ ttruailleoċṫaoi a laṫair na ngeinteaḋ é, a measc a raḃadar, a raḋarc a ndéarnas mé féin aiṫeanta ḋóiḃ, ġá ttaḃairt amaċ as críċ na Hégipte.


Anois misi Nebuċadnessar moluim agus árduiġim agus onóruiġim Ríġ neiṁe, ar fírinne a oibreaċa uile, agus gur breiṫeaṁnus a ṡliġṫe: agus an drong ṡiuḃluiġios a núaḃar féuduiġ sé a nísliuġaḋ.


Aċt dárduiġis ṫú féin a naġaiḋ Ṫiġearna neiṁe; agus ṫugadar soiġṫiġe a ṫiġe ann ṫfíaġnuisi, agus diḃ tusa, agus do ṫiġearnaḋa, do ṁná, agus do leannáin, fíon asda; agus do ṁol tú na dée airgid, agus óir, práis, íaruinn, crainn, agus cloiċe, naċ ḃfaicionn, naċ ccluin, agus naċ feasaċ: agus ní ṫug tú glóir do Ḋía, a láiṁ a ḃfuil hanál, agus gur leis huile ṡliġṫe:


Agus a nois, a Ṫiġearna ar Ndía, noċ ṫug do ṗobal amaċ as críċ na Hégipte le láiṁ láidir, agus fuáir clú ḋuit féin, aṁuil atá a niuġ; do ṗeacuiġeamairne, do rinneamar go holc.


Tug sé so amaċ íad, ar ndéunaṁ miorḃuileaḋ agus coṁarṫaḋ a dtalaṁ na Héigipte, agus ann sa muir Rúaiḋ, agus ann sa ḃfásaċ ḋá ḟiċead blíaḋain.


Oír a deir an sgrioptúr ré Ṗaráo, Is ċuige so féin do ṫóig mé súas ṫú, ar ċor go ḃfoillseóċuinn mo ċúṁaċda ionnad, agus go ninneóstáoi mainm ar feaḋ na talṁan uile.


Nó ar ġaḃ Día a láiṁ imṫeaċd agus cíneaḋ do ġlacaḋ ċuige as lar ciniḋ eile, lé caṫuiġiḃ, lé coṁarṫuiḃ, agus lé hiongantuiḃ, agus lé cogaḋ, agus le láiṁ laidir, lé láiṁ ṡínté amaċ, agus lé húaṫḃásuiḃ móra, do réir a nuile neiṫe dá ndeárna an TIĠEARNA ḃur Ndía riḃsi san Négipt as coinne ḃur súl?


Na caṫuíġṫe móra do ċonnairc do ṡúile, agus na coṁarṫaiḋ, agus na hiongantasa, agus an láiṁ ċuṁaċdaċ, agus an riṫ sínte amaċ, lé ttug an TIĠEARNA ḃar Ndía amaċ ṫú: mar sin do ḋéana an TIĠEARNA do Ḋía ris a nuile ṗobal ré a mbía eagla ort.


Mar an gcéudna, a ḋaóine óga, tuguiḋ úṁlaḋ do na sinnsearuiḃ. Agus bíġiḋ uile úṁal dá ċéile, déunuiḋ siḃ féin deaġṁaiseaċ don táoḃ a stiġ ó úṁlaċd inntinne: óir cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ agus do ḃeir grása do núṁal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ