Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 9:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Anois annsa ċeaṫraṁaḋ lá ḟiṫċiod don ṁí do ċruinniġeadar clann Israel do ṫroscaḋ, maille re saicéaduiġiḃ, agus cré orra.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 9:1
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tárla a deirím an treas la, féuċ, go ttáinic duine ón ċampa ó Ṡaul agus a éadaċ brisde, agus cré ar a ċeann: agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir ṫáinic sé ċum Dáiḃi, gur ṫuit sé ċum talṁan, agus go ndéarna sé uṁlaċd.


Agus do ġaḃ eagla Iehosaṗat, agus do leíg é féin díarruiḋ an TIĠEARNA, agus dfuagair sé troscaḋ air feaḋ Iúdah uile.


Agus air an treas lá fiṫċiod don tseaċdṁaḋ mí doċuir sé an pobal úaḋ da ttiġṫiḃ, lúaṫġáireaċ súgaċ a ccroiḋe ar son na maiṫeasa do ṫaisbéin an TIĠEARNA do Ḋáiḃi, agus do Ṡolaṁ, agus dá ṗobal Israel.


¶ Annsin dfuágair misi trosgaḋ san náitsin ag an naḃuinn Ahaḃa, go ccráiḋfemis sinn feín a laṫair ar Ndé, lé a níarrfamáois air sliġe ḋíreaċ ḋúinn féin, agus dar náos óg, agus dar máoin uile.


Marsin do ṫroisgeamar agus do ġuiḋeamar ar Ndía uimeso: agus déist sé rinn.


Agus ṫug Esra an sagart an dliġeaḋ as coinne an ċoṁċruinniġ fear agus ban, an ṁéid lear ḃféidir a ċlos maille re tuigsin, ar an ccéad lá don tseaċtṁaḋ mí.


Imṫiġ, cruinniġ a ḃfoċair a ċéile a ḃfuil do Iuduiġiḃ a laṫair a Súsan, agus troisciḋ ar mo ṡonsa, agus ná hiṫiġ agus ná hiḃiḋ a ttrí lá, doiḋċe ná ló: troisgfe misi agus mo ṁaiġdiona mar an gcéadna; agus marsin raċuiḋ mé a steaċ ċum an ríġ, bíoḋ naċ do reír an dliġe: agus má ḃásuiġṫear me, básuiġṫear me.


Agus ann gaċ uile ṗroiḃinnsi, a ttáinic aíṫne an ríġ, agus a orduġaḋ, do ḃí caóineaḋ mór a measc na Niúduiġeaḋ, agus troscaḋ, agus gul, agus éolċuire; agus mórán na luiḋe a saicéadaċ agus a luáiṫ.


Agus a nuáir do ṫógḃadar a súile súas a ccéin, agus nár aiṫniġeadar é, do ṫógḃadar a nguṫ ós áird, agus do ġuileadar; agus do réub gaċ áon dioḃ a ḟálluing, agus do ċroiṫeadar luáiṫreaḋ air a ccéannuiḃ leaṫ re neaṁ.


Agus annsa ló sin do ġoir Tiġearna DIA na slóġ air ġul, agus air ċaói, agus ar ṁaóile, agus air ċriosluġaḋ lé saicéadaċ:


¶ Uimesin fós anois, a deir an TIĠEARNA, Filliḋsi ċugamsa maille re ḃur nuile ċroiḋe, agus le trosgaḋ, agus lé gul, agus lé dóḃrón:


Laḃair re cloinn Israel, da ráḋ, An cúigeaḋ lá déag don tseaċdṁaḋ mí ḃías féasta na ttabernacuil ar feaḋ ṡeaċd lá don TIĠEARNA.


Mar an gcéadna annsa ċúigeaḋ lá déug don tseaċdṁaḋ mí a nuáir ċruinneoċṫáoi a steaċ soċar na ḃfearann, cuinneoċṫáoi féasda don TIĠEARNA seaċd lá: ar an gcead lá biaiḋ sabboid, agus ar noċdṁaḋ lá biaiḋ sabbóid.


¶ Agus do stíall Iosua a éadaċ, agus do ṫuit ċum talṁan ar a aġaiḋ as coinne airce an TIĠEARNA go tráṫnóna, é féin agus sinnsir Israel, agus do ċuireadar luáiṫreaḋ ar a gceannuiḃ.


Agus do ḃéura mé cúṁaċd dom ḋá fíaḋnuisiġe, agus béid síad ag faiḋeadóireaċd míle ḋá ċéud agus trí fiċid lá, ar na néuduġaḋ déuduiġiḃ róin.


¶ Ann sin do ċuadar clann Israel uile, agus an pobal uile, súas, agus tangadar go tiġ Dé, agus do ġuileadar, agus do ṡuiġeadar annsin as coinne an TIĠEARNA, agus do ṫroisgeadar an lá sin go tráṫnona, agus dofráladar íoḋbairt loisge agus ofrala síoṫċána a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA.


¶ Agus do rioṫ duine do Ḃeniamin as an tslúaġ, agus ṫáinic go Síloh an lá ceadna agus a éadaċ briste, agus cré ar a ċeann.


Agus do ċruinniġeadar a ḃfoċair a ċéile go Mispeh, agus do ṫairngeadar uisge, agus do ḋoirteadar amaċ é a laṫair an TIĠEARNA, agus do ṫroisgeadar an lásin, agus a duḃradar annsin, Do ṗeacuiġeamar a naġaiḋ an TIĠEARNA. Agus do rinne Samuel breiṫeaṁnus ar ċloinn Israel a Mispeh.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ