Nehemia 8:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)9 ¶ Agus Nehemiah, noċ asé an Tirsata, agus Esra an sagart an scriḃneóir, agus na Leḃítiġ do ṫeagaisc an pobal, a duḃradar rís an bpobal uile, Atá an lá a niuġ náoṁṫa don TIĠEARNA ḃur Ndía; ná déanuiḋ doilġios, nó gul. Oir do ġuil an pobal uile, a nuáir do ċúaladar bríaṫar an dliġe. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Do ḃriġ go raiḃ do ċroiḋe máoṫ, agus gur uṁluiġ tú ṫú féin a laṫair an TIĠEARNA, a nuáir do ċúala tú cred do laḃair misi a naġaiḋ na háitesi, agus a naġáiḋ a haitreaḃaċ, go mbéidis na ḃfásaċ agus na mallaċduin, agus gur réub tú héadaċ, agus gur ġuil tú am ḟíaḋnuise; do ċúala misi mar an gcéadna ṫú, a deir an TIĠEARNA.
Eirġiḋe, agus fíafruiġiḋ don TIĠEARNA ar mo ṡonsa, agus ar son an ṁéid do ḟágḃaḋ Disrael agus do Iúdah, a ttaoḃ ḃríaṫar an leaḃair noċ do fríṫ: oír is mór fearg an TIĠEARNA noċ do ḋóirteaḋ amaċ oruinn, do ḃríġ nar ċoiṁéadadar ar naiṫre bríaṫar an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ do réir a ḃfuil scrioḃṫa san leaḃarso.