Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 8:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Mar an ccéadna ṫug Iessua, agus Báni, agus Ṡerebiah, Iamin, Accub, Sabbetai, Hediiah, Maaseiah, Celita, Asariah, Iosabad, Hanan, Pelaiah, agus na Leḃítiġ, ar an bpobal an dliġeaḋ do ṫuigsin: agus do ṡeasadar na daóine iona náit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 8:7
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus dfill an ríġ a aġaiḋ, agus do ḃeannuiġ sé coṁċruinniuġaḋ Israel uile: (agus coṁċruinniuġaḋ Israel uile na seasaṁ;)


Agus do laḃair Heseciah go coḃarṫaċ ris na Leḃítiḃ uile noċ do ṫeagaisc eólus maiṫ an TIĠEARNA: agus a dúadar ar feaḋ a nféusta seaċt lá, ag ofráil ofrála síoṫċána, agus ag déanaṁ adṁála don TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ.


Agus a duḃairt sé ris na Leḃítiḃ do ṫeagaisg Israel uile, noċ do ḃí náoṁṫa don TIĠEARNA, Cuiriḋ a náirc náoṁṫa annsa tiġ noċ do rínne Solaṁ ṁac Dáiḃi ríġ Israel; ní ḃiaiḋ na úalaċ air ḃur ngúalliḃ: foġnuiḋ a nois don TIĠEARNA ḃur Ndía, agus dá ṗobal Israel,


Agus maille re láiṁ ṁaiṫ ar Ndé do ḃeiṫ linn ṫugadar duine tuigsionaċ ċuguinn, do ṁacaiḃ Mahli, ṁic Léḃi, ṁic Israel; agus Serebiah, gun a ṁacuiḃ agus a ḋearḃráiṫriḃ, oċt ḃfir ḋéag;


Agus Sabbetai agus Iosabad, do ṫoġa na Leḃíteaċ do ḃí ós cionn ġnoṫuiġeaḋ ḟoiriomlaċ ṫíġe Dé.


Mar an ccéadna fós na doirseóiriġ, Accub, Talmon, agus a ndearḃráiṫre noċ ċoiṁéad na geataḋa, do ḃádar céad seaċtṁoġad agus días.


Na ḋiáiġ sin do leasuiġeadar na Leḃítíġ, Rehum ṁac Bani. Na ḋiáiġ sin do leasuiġ Hassabiah, úaċtarán leaṫċoda do Ċeilah, ann a ċuid féin.


Agus láiṁ ris do leasuiġ Eser ṁac Iessua, úaċdarán Mispa, píosa oile ṫall as coinne ḋula súas go tiġ na narm ar ċasaḋ an ḃalla,


Ná ḋiáiġ sin do leasuiġ Beniamin agus Hassúb ṫall as coinne a ttiġe féin. Na ḋiáiġ sin do leasuiġ Asariah ṁac Maaseiah ṁic Ananiah láiṁ re na ṫiġ féin.


Agus dimṫiġeadar an pobal uile rompa diṫe, agus dól, agus do ċur ronna úaṫa, agus do ḋéanaṁ sóláis ṁóir, do ḃríġ gur ṫuigeadar na bríaṫra do foillsiġeaḋ ḋóiḃ.


Agus do ṡeas Esra an scriḃneoir ar ċrannġaille do rinneadar déantoisc dó sin; agus re na ṫáoḃ do ṡeas Mattitiah, agus Sema, agus Anaiah, agus Uriiah, agus Hilciah, agus Maaseiah ar a láiṁ ḋeis; agus air a láiṁ ċlé, Pedaiah, agus Missael, agus Malċiah, agus Hassum, agus Hasbadana, agus Seċariah, agus Mesullam.


Agus do ḃeannuiġ Esra an TIĠEARNA, an Día mór. Agus do ḟreagair an pobal uile, Amen, Amen, ag tógḃáil a laṁ súas: agus do ċromadar a ccinn, agus do aḋradar an TIĠEARNA le na naiġṫiḃ ċum na talṁan.


Marsin do léiġeadar annsa leaḃar dliġeaḋ Dé go soilléir, agus ṫugadar a ċíall úaṫa, agus ṫugadar orra an leiġṫeóireaċt do ṫuigsin.


Agus do ṡeasadar súas iona náit, agus do léiġeadar a leaḃar dliġe a TTIĠEARNA Día an ceaṫraṁaḋ cuid don ló; agus an ceaṫraṁaḋ cuid oile ag adṁáil, agus do aḋradar a TTIĠEARNA Día.


¶ Annsin do ṡeasadar súas ar staiḋreaḋuiḃ, na Leḃiteaċ, Iessua, agus Báni, Cadmiel, Sebahiah, Bunni, Serebiah, Báni, agus Ċenani, agus do éiġeadar do ġuṫ árd ar a TTIĠEARNA a Ndía.


Agus ċor go múinfiḋe clann Israel ansa nuile statúid do laḃair an TIĠEARNA ríu lé láiṁ Ṁaóise.


Oír do buḋ cóir do ṗuisíniḃ an tsagairt eólus do ċoiṁéad, agus do buḋ coir ḋoíḃsion dliġeaḋ díarruiġ as a ḃéul: óir isé sin teaċtaire ṪIĠEARNA na slóġ.


Múinfid síad do ḃreiṫeaṁnuís do Iácob, agus do ḋliġeaḋ Dísrael: cuirfiḋ siad túis as do ċoinne, agus ioḋbuirt iomlán loisge ar haltóra.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ