Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 8:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 ¶ Marsin do ċuáiḋ an pobal amaċ, agus ṫugadar léo íad, agus do rinneadar boṫa ḋóiḃ féin, gaċ áon ar ṁullaċ a ṫiġe féin, agus iona ccúirtiḃ, agus a ccúirtiḃ ṫiġe Dé, agus a sráid ġeata a nuisge, agus a sráid ġeata Eṗraim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 8:16
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus tárla a naimsir an traṫnoná, gur éiriġ Dáiḃi as a leabuiḋ, agus go raiḃ ag spaisdeóraċd an úaċdar ṫiġe an ríġ: agus ó ṁullaċ an tiġe do ċonairc sé bean ḋá niġe féin; agus do ḃí an ḃean roscíaṁaċ re féaċuinn uirre.


Agus do ġaḃ Ioas ríġ Israel Amasiah ríġ Iúdah, mac Ioas ṁic Ahasiah, a Mbet‐sémes, agus ṫainic sé go Hierusalem, agus do ḃris sé síos balla Ierusalem ó ġeata Eṗraim go geata an ċoirnéil, ceiṫre ċéud cuḃad.


¶ Agus do ṡeas Iehosaṗat a lár oireaċduis Iúdah agus Ierusalem, a ttiġ an TIĠEARNA, as coinne na cúirte núaiḋe,


Agus do rinne sé altóra do ṡlúaġ niṁe uile a ndá ċúirt ṫiġe an TIĠEARNA.


Agus ag geatá an tobair, noċ do ḃí ṫall as a ccoinne, do ċúadar súas a staiġriġiḃ ċaiṫreaċ Ḋáiḃi, ag dul súas an ḃalla, ós cionn tiġe Ḋáiḃi, eaḋon go nuige geata a nuisge leaṫ ṡoir.


Agus ón taoḃ ṡúas do ġeata Eṗraim, agus táoḃ ṡúas don tseinġeata, agus táoḃ ṡúas do ġeata a néisc, agus do ṫor Hananeel, agus do ṫor Meáh, go nuige geata na ccáoraċ: agus do ṡeasadar na ccoṁnuiġ a ngeata an ṗríosúin.


Tuilleaṁ fós do áitreaḃadar na Netinimiġ ann Oṗel, go nuige a náit ṫall as coinne ġeata an nuisge leaṫ ṡoir, agus an tuir ṫéid amaċ.


Agus do ċruinniġ an pobal íad féin a ḃfoċair a ċéile aṁuil áonduine annsa tsráid do ḃí as coinne ġeata a nuisge; agus do laḃradar re Hesra an scriḃneóir do ṫaḃairt leaḃair ḋliġe Maoise leis, noċ do aiṫin an TIĠEARNA do Israel.


Agus do léiġ sé ann a ḃfiaḋnuisi na sráide do ḃí as coinne geata a nuisge ó ṁaidin go meaḋon laói, a laṫair na ḃfear agus na mban, agus na méide dféud a ṫuigsin; agus do ḃádar clúasa an ṗobail uile aireaċ ar leaḃar an dliġe.


Agus sáileoċṫar tiġṫe Ierusalem, agus tiġṫe ríġṫe Iúdah, mar áit Ṫoṗet, ar son na nuile ṫeaġ dar loisgeadar túis ar a mullaċuiḃ do ṡluáġ neiṁe uile, agus ar ḋóirteadar amaċ ofrála diġe do ḋéeiḃ oile.


Agus tiucfuid na Caldéanuiġ, ṫroideas a naġaiḋ na caiṫreaċso, agus cuirfid an ċaṫairsi tré ṫeine, agus loiscfid í maille ris na tíġṫiḃ, ar a mullaċ ar ofráladar túis do Ḃaal, agus ar ḋóirteadar amaċ ofrála diġe do ḋéiḃ oile, dom ḃrostúġaḋsa ċum feirge.


¶ A nuáir do ḋéana tú tiġ núaḋ, annsin do ḋéana tú caissiolloċta ar a uaċdar, ċor naċ ttairreonga tú fuil ar do ṫiġ, má ṫuitionn éanduine ḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ