12 Agus dimṫiġeadar an pobal uile rompa diṫe, agus dól, agus do ċur ronna úaṫa, agus do ḋéanaṁ sóláis ṁóir, do ḃríġ gur ṫuigeadar na bríaṫra do foillsiġeaḋ ḋóiḃ.
Agus a dúadar agus diḃeadar as coinne an TIĠEARNA an lásin maille re gáirdeaċus mór. Agus do rinneadar ríġ do Ṡolaṁ ṁac Dáiḃi an dara huáir, agus do ungadar é don TIĠEARNA ċum ḃeiṫ na árduaċdarán, agus Sadoc ċum ḃeiṫ na ṡagart.
Ann sinn a duḃairt sé ríu, Imṫiġiḋ roṁuiḃ, iṫiḋ an méaṫus, agus iḃiḋ an ṁillsi, agus cuiriġ roinn ċum na druinge dá nar hullṁuiġeaḋ éinní: óir atá an láso náoṁṫa dar TTIĠEARNA: narab mó ḃías doilġios oruiḃ; óir isé gáirdeaċus an TIĠEARNA ḃur neart.
¶ Agus ar an dara lá do ċruinníġ a ḃfocair a ċéile toġa na naiṫreaḋ don ṗobal éile, na sagairt, agus na Leḃítiġ, go Hesra an scríḃneóir, eaḋon do ṫuigsin ḃriaṫar an dliġe.
Mar an láeṫe ar ṡuaiṁniġeadar na Iúduiġe ó na naiṁdiḃ, agus an ṁí do hiompóiġeaḋ ċuca ó ḋólás go sólás, agus ó ḋóbrón go la ṁaiṫ: go ndéindís ḋíoḃ láeṫe feasta agus gáirdeaċuis, agus oirċiseaċd do ċur ċum a ċéile, agus tioḋluicṫe ċum na mboċt.
Do fríṫ do ḃríaṫra, agus a dúaiġ misi íad; agus do ḃí do ḃríaṫra ḋaṁsa na ġáirdeaċus agus na lúaṫġáir dom ċroiḋe, óir do gaireaḋ hainmsi orum, a ṪIĠEARNA Día na slóġ.
Agus a duḃradarsan eatarra féin, A né naċ raḃadar ar gcroiḋṫe ar lasaḋ ionnuinn, an feaḋ do ḃí sé ag laḃairt rinn ar a tsliġe, agus an tan do osguil sé ḋuinn na sgrioptúiriḋ?
Oír atá a ḟios agam, naċ ḃfuil maiṫ ar biṫ na coṁnuiḋe íonnum, eaḋon am ḟeóil: óir ata an toil a ḃfogus daṁ; aċd ní ḟaġuim sliġe ar biṫ ċum na maiṫeasa do ċríoċnuġaḋ.
Agus do ḋéunuid áitreaḃuiḋ na talṁan gáirdeaċas ós a gcionn, agus biáiḋ lúaṫġáir orrṫa, agus cuirfid taḃartuis ċum a ċéile; do ḃríġ gur ṗíanadar an dá ḟáiġse áitreaḃuiġ na talṁan.