Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 8:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Ann sinn a duḃairt sé ríu, Imṫiġiḋ roṁuiḃ, iṫiḋ an méaṫus, agus iḃiḋ an ṁillsi, agus cuiriġ roinn ċum na druinge dá nar hullṁuiġeaḋ éinní: óir atá an láso náoṁṫa dar TTIĠEARNA: narab mó ḃías doilġios oruiḃ; óir isé gáirdeaċus an TIĠEARNA ḃur neart.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 8:10
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ar a noċdṁaḋ lá do ċuir sé an pobal ar siuḃal: agus do ḃeannuiġeadar an ríġ, agus do ċúadar da lóistíniḃ go súgaċ agus go lúaṫġáireaċ a ccroiḋe ar son gaċ uile ṁaiṫeasa dá ndéarna an TIĠEARNA ar son Ḋáiḃi a ṡearḃḟoġantuiġ, agus ar son a ṗobail Israel.


Atá glóir agus onóir dá laṫair; atá neart agus sólás iona ionad.


Marsin do ċoisgeadar na Leḃitiġ an pobal uile, ġa ráḋ, Bíṫí ḃur ttoċd, óir atá an lá naoṁṫa, agus na bíṫí dóbrónaċ.


Agus dimṫiġeadar an pobal uile rompa diṫe, agus dól, agus do ċur ronna úaṫa, agus do ḋéanaṁ sóláis ṁóir, do ḃríġ gur ṫuigeadar na bríaṫra do foillsiġeaḋ ḋóiḃ.


Uime sin do rinneadar Iúduiġe na mbailteaḋ mbeag do ċoṁnuiḋ a mbaíltiḃ gan ḃallaḋa, an ceaṫraṁaḋ lá déag do ṁí Adar na lá lúaṫġáire agus féusta, agus na lá ṁaiṫ, agus do ċur oirċiseaċt ċum a ċéile.


Mar an láeṫe ar ṡuaiṁniġeadar na Iúduiġe ó na naiṁdiḃ, agus an ṁí do hiompóiġeaḋ ċuca ó ḋólás go sólás, agus ó ḋóbrón go la ṁaiṫ: go ndéindís ḋíoḃ láeṫe feasta agus gáirdeaċuis, agus oirċiseaċd do ċur ċum a ċéile, agus tioḋluicṫe ċum na mboċt.


Déanaḋ Israel lúaṫġáire iona crúṫaiġṫeóir: déindís clann Ṡíon sólás ann a Ríġ.


Oír is tusa glóir a neirt: agus ann ṫfaḋḃar áirdeoċṫar ar naḋarc.


Foġnuiḋ croiḋe súgaċ aṁuil leiġios: aċt tiormuiġiḋ spiorad briste na cnáṁa.


Taḃair cuid ronna do ṁóirṡeisior, agus mar an cceadna dóċtar; óir níor ḟeadair tú cred an tolc ḃías air an ttalaṁ.


¶ Ni ḃfuil ní ann is féarr do ḋuine, ná iṫe agus ól, agus áoiḃneas do ṫaḃairt da anum ann a ṡáoṫar. Do ċonnairc mé so aṁluiḋ, gur ab ó láiṁ Dé ṫig sé.


Agus fós go niṫeaḋ agus go niḃeaḋ gaċ aonduine, agus go solásuiġeaḋ sé iona uile ṡáoṫar féin, sé sin tioḋlacaḋ Dé.


¶ Féuċ an ní sin do ċonnairc misi: is maiṫ agus is breáḋa do ḋuine iṫe agus ól, agus sólásuġaḋ a maíṫ a ṡáoṫair uile noċ ġlacas sé faói an ngréin air feaḋ uile laeṫe a ṡáoġail, noċ do ḃeir Día ḋó: óir isé sin a ċuid ronna.


¶ Imṫiġ roṁad, iṫ harán maille re sólás, agus iḃ ṫfíon le croiḋe súgaċ; óir gaḃuiḋ Día anois hoibreaċa.


Ataim ar tteaċt dom ġáirdín, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile: do ċruinniġ mé mo ṁirr, agus mo spíosraḋ; a duáiḋ mé mo ċríaṫar meala maille re mo ṁil; diḃ mé mfíon lem ḃainne: iṫiḋ, a ċairde; iḃiḋ, iḃiḋ fós go lór, a áos gráḋa.


¶ Agus a nois, a deir an TIĠEARNA ċum ón mbroinn mé do ḃeiṫ am ṡeirḃíseaċ aige, do ṫaḃairt Iácob ċuige a rís, Má atá nar cruinniġeaḋ Israel, ṫairis sin biáiḋ misi glórṁar a súiliḃ an TIĠEARNA, agus buḋ é mo Ḋía mo neart.


Gáirdeoċuiḋ mé go mór annsa TIĠEARNA, biáiḋ manam sólásaċ ann mo Ḋia; óir déaduiġ sé mé a cculaḋuiḃ an tslánaiġṫe, dfoluiġ sé mé le róba na firéantaċda, aṁuil ċóiriġeas fear núaḋpósta é féin le breáġaċtuiḃ, agus mar ċóiriġeas an ḃean núaḋṗósta í féin lé na séuduiḃ.


Bíṫí meanmnaċ maseaḋ, a ċlann Sion, agus lúaṫġairiġiḋ annsa TIĠEARNA ḃur Ndía: óir ṫug sé an ċeidḟearṫuinn díḃ go measarḋa, agus do ḃeara sé air an ḃfearṫuinn teaċd a núas ċugaiḃ, an ċeidḟearṫuinn, agus a nfearṫuinn ḋeiġionaċ annsa ċéiḋṁí.


Fós, biáiḋ a nuile ṗota ann Ierusalem agus ann Iúdah na náoṁṫaċt do ṪIĠEARNA na slóġ: tiucfaiḋ a nuile ḋrong íoḋbras agus glacfuiḋ díoḃ, agus bruiṫfid ionnta: agus annsa ló sin ní ḃiáiḋ Canaaníteaċ ní is mó a ttiġ ṪIĠEARNA na slóġ.


Ar a naḋḃarsin táḃruiḋ deíre uáiḃ do na neiṫiḃ atá a láṫair aguiḃ; agus, féuċ, bíaiḋ na huile neiṫeġan díḃ.


Eaḋon a ngáirdeaċas líonṁar sa mbuaiḋirt ṁóir lér dearḃaḋ íad agus gur líon a mboċduine ro ṁór ċum saiḋḃris a ndáonaċd.


Bíoḋ gur féidir leamsa fós ḃeiṫ muiniġineaċ as an ḃfeóil. Má ṡaóileann éinneaċ eile go ḃféudann sé muiniġin do ċur sa ḃfeóil, as mó ná sin ḟéudaimsa:


Agus do ḋéunuid áitreaḃuiḋ na talṁan gáirdeaċas ós a gcionn, agus biáiḋ lúaṫġáir orrṫa, agus cuirfid taḃartuis ċum a ċéile; do ḃríġ gur ṗíanadar an dá ḟáiġse áitreaḃuiġ na talṁan.


Fíafruiġ dot ógánaċuiḃ, agus inneosaid síad duit. Ar a naḋḃar sin faġdaois na hógánuiġ faḃar ad raḋarc: (óir ṫangamar a ló ṁaiṫ:) guiḋim ṫú, taḃair, giḋ bé ní ṫeagṁas ad láiṁ dod ṡearḃḟoġantuiġiḃ, agus dod ṁac Dáiḃi.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ