Agus ṫugadar ċum serḃíse ṫiġe Dé cúig ṁíle tallann óir agus deiċ míle dramma, agus deiċ mile tallann airgid, agus oċt mile ḋéag tallann ṗráis, agus céad míle tallann íariann.
¶ Agus ṫug cuid do ṫoġa na naiṫreaḋ ċum na hoibre. Ṫug an Tirsata ċum a nionnṁuis míle drama óir, caogad báisín, cúig cceud agus tríoċad culaiḋ ṡagairt.
Ca ṁéad ní is luġa ris an té naċ ccuirionn suim a bpearsannuiḃ na bprionnsaḋ, agus naċ measann an saiḋḃir ní is mó na an boċd? óir is íad uile oibreaċ a láṁ.