70 ¶ Agus ṫug cuid do ṫoġa na naiṫreaḋ ċum na hoibre. Ṫug an Tirsata ċum a nionnṁuis míle drama óir, caogad báisín, cúig cceud agus tríoċad culaiḋ ṡagairt.
Agus na potaḋa, agus na sluáiste, agus na báisíniḋe: agus ná soiġṫiġsi uile, noċ do rinne Híram don ríġ Solaṁ do ṫiġ an TIĠEARNA, do ḃádar na bprás ġléaġlan.
Or fíorġlan mar an ccéadna ċum na náḋal, agus ċum na mbullaḋ, agus na ccupán: agus ċum na mbáisín órḋa ṫug sé ór toṁuiste ċum gaċ aon ḃáisín; agus fós airgiod toṁuiste ċum gaċ aon ḃáisín airgid:
¶ Agus do rinne Húram na potaḋa, agus na slúaiste, agus na báisíniġ. Agus do ċríoċnuiġ Húram a nobair do ḃí ré a ḋéanaṁ aige, don ríġ Solaṁ air ṫiġ Dé;
Do rinne sé mar an ccéadna deiċ mbuird, agus do ṡuiḋiġ sé san teampall íad, a cúig ar an ttáoḃ ndeas, a cúig ar an ttáoḃ cclé. Agus do rinne sé céad bulla óir.
¶ Agus Nehemiah, noċ asé an Tirsata, agus Esra an sagart an scriḃneóir, agus na Leḃítiġ do ṫeagaisc an pobal, a duḃradar rís an bpobal uile, Atá an lá a niuġ náoṁṫa don TIĠEARNA ḃur Ndía; ná déanuiḋ doilġios, nó gul. Oir do ġuil an pobal uile, a nuáir do ċúaladar bríaṫar an dliġe.
Agus glacaiḋ ceanglaċán iosóipe, agus tumaiḋ é san ḃfuil, noċ ḃías annsa ḃaisín, agus buáiliḋ an fárdorus agus an dá ursuinn leis an ḃfuil ḃías annsa ḃáisín; agus ni raċuiḋ áonduine aguiḃ amaċ as dorus a ṫiġe go maidin.
Agus na báisiniġe, agus na hoiġne teineaḋ, agus na bullaḋa, agus na fuirnísi, agus na coinnleóiriġ, agus na líaċa, agus na cupain; an ní do ḃí dór a nór, agus an ní do ḃí dairgiod, a nairgiod, rug caiptín an ġárda leis.