Ann sin déiriġ Serubbabel ṁac Sealtiel, agus Iessua ṁac Iosadac súas, agus do ṫionnscnadar tiġ Dé do ċur súas noċ atá ann Ierusalem: agus fáiġe Dé maille ríu ag congnaṁ ḋóiḃ.
¶ Anois is íadso roġa an ṗroiḃinsi do rinne coṁnuiḋ ann Ierusalem: aċt a ccaiṫreaċaiḃ Iudah do rinne gaċ áon coṁnuiġ iona ṡeilḃ féin ann a ccaiṫreaċaiḃ, eaḋon Israel, na sagairt, agus na Leḃítiġ, agus na Netinimiġ, agus clann ṡearḃḟoġantaḋ Ṡoluiṁ.
Asíadso clann na proiḃinse, do ċuáiḋ súas as a ndaóirsine, don luċd rugaḋ ar siuḃal, agus noċ rug Nebuċadnessar ríġ na Babiloine ar siuḃal, agus ṫangadar a rís go Hierusalem agus go Iúdah, gaċ áon da ċaṫruiġ féin.
Annsa dara blíaḋain do Ḋárius an ríġ, annsa seiseaḋ ṁí, annsa ċéad lá don ṁí, ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA le Haggai an fáiġ go Serubbabel ṁac Sealtiel, úaċdarán Iúdah, agus go Iosua ṁac Iosedeċ, an tárdṡagart, ag ráḋ,